What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 21 MFómh 2023
Dáta: 2 Déar 3 Lún 2023
Am: 19:00
Costas: Saorchead

Is taispeántas aonair é 4D MOUND NETWORK de chuid Jennifer Mehigan, ina ndéantar íomhánna trí úsáid péinte, cártaí grafaice agus intleacht shaorga.

Tá sé mar a bheadh dírbheathaisnéis ann, ina dtiteann reiligí, cartlanna, aislingí agus néaróisí isteach ina chéile agus iad ag comhoibriú trasna amlínte mhná Éireannacha atá marbh le físeanna neamhspleáchas teibíochta a chruthú.

Téann Jennifer siar go dtí an taighde a rinne sí ar mhínealaíona maisiúla sa Bhreatain sa 19ú haois (agus fócas ar ghluaiseacht na hEalaíne agus na Ceardaíochta agus ar an Bhráithreachas Réamh-Rafaéiliteach) agus íomhánna a fuarthas le huacht de shaol na hÉireann sa ré chéanna, agus breathnaíonn sí go grinn ar ról an ealaíontóra agus iad ag plé le smaointe faoi áilleacht, cumhacht, glaineacht agus éadairbhe.

Ealaíontóir agus taighdeoir í Jennifer Mehigan atá lonnaithe i mBéal Feirste agus i Luimneach. Ina saothar, tig le popchultúr, gothaí péintéireachta, ábharthacht dhigiteach, "mothúcháin phoiblí" (i ndiaidh Ann Cvetcovich) agus litríocht féinchuidithe idirghníomhú. Cuireann sé seo ar a cumas a fhiosrú, go minic trí lionsa neamhdhaonna, mar a léirítear cumhacht sa domhan. Ar na taispeántais a bhí aici ar na mallaibh tá Nightbloom Chokehold ag Dánlann Dhubhghlas de hÍde 2 (2022), Creamatorium 2, transmediale, Beirlín (2021) agus Creamatorium, PS Squared, Béal Feirste (2020).