What are you looking for?

Clár iomlán Fhleadh Feirste ar fáil anois!

Beidh meascán iontach de cheol, dráma, phléigh agus d'imeachtaí teaghlaigh ar siúl fud fad na Ceathrún Gaeltachta mar chuid de Fleadh Feirste 2019.

Bígí linn d’oscailt oifigiúil Fhleadh Feirste 2019 ina gcuirfidh muid tús spleodrach le ceiliúradh 10 mbliain den fhleadh leis an Ard Mhéara John Finucane, méarógaí agus fíon, scoth an cheoil agus neart eile. Seolfar an fleadh le gig ghalánta a bhuí le Sochaí Cheoil Thraidisiúnta, Ollscoil Naomh Mhuire. Beidh craoladh beo ar Raidió Fáilte ag an seoladh fosta.

Eagraíonn Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Fleadh Feirste i gcomhar le pairtnéirí in eagraíochtaí éagsúla fud fad na Ceathrún Gaeltachta agus cuirtear clár bríomhar éagsúil imeachtaí ar fáil don phobal.

Tá dhá cheiliúradh mar chuid den fhleadh i mbliana. Tá 10 mbliain imithe ó a cuireadh tús le Fleadh Feirste don chéad uair agus tá ceiliúradh a dhéanamh i mbliana ar 50 bliain ó a bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe, síol na hathbheochana in iarthar na cathrach.

I measc na n-imeachtaí a bheidh mar chuid den fhleadh i mbliana beidh ceolchoirm le Gráinne Holland in Áras Uí Chonghaile, maidin blaiseadh caife sa Lon Dubh i Raidió Fáilte, craoladh beo ó Nuacht a hAon ar Raidió na Gaeltachta agus an pobal ag tabhairt aghaidhe ar thoghán eile agus lá teaghlaigh Nollag sultmhar don chlann ar fad.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Stiúrthóir na Cultúrlainne:

Níl amhras ar bith ann go raibh tionchar as cuimse ar mhuintir Bhóthar Seoige ar phobal na Gaeilge i gcathair Bhéal Feirste, ní amháin sna seascaidí agus sna seachtaidí, ach tá torthaí a gcuid oibre le feiceáil go fóill. Agus muid ag déanamh comóradh ar an chaoga bliain atá imithe ó shin, déanfar ceiliúradh ar na daoine ceannródaíocha seo a leag síos na bunchlochanna don obair atá ar bun again sa lá atá inniu ann.”

Dúirt Brónagh Fusco, Oifigeach Ealaíona Pobail na Cultúrlainne:

“Tá lúcháir orainn an clár iléagsúil seo a chur os comhair an phobail. Tá meascán de cheol, dráma, imeachtaí teaghlaigh agus litríochta ar fáil istigh ann agus léiríonn an clár seo buanna mhuintir na háite seo in iarthar Bhéal Feirste. Tugann an fleadh deis do dhaoine teacht le chéile faoi spioraid na Nollag le ceiliúradh a dhéanamh, sult a bhaint as na himeachtaí ar fad agus machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste le caoga bliain anuas.”

Brúigh anseo leis an chlár iomlán a léamh!