What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 19 Meith 2025
Am: 19:00
Costas: saor in aisce

Taispeántas péintéireachta agus earraí criadóireachta le Brenda Morgan

 

Is ealaíontóir ildisciplíneach í Brenda, a chleachtann criadóireacht agus péintéireacht ola agus uiscedhath, rud a thugann deis do na meáin agus na saothair ealaíne éagsúla tionchar a imirt ar a chéile. Cruthaítear an saothar seo trí bhaint a úsáid as teicnící tógála cornaí agus leaca a tháinig ó chriadóireacht ársa Jomon na Seapáine agus babhlaí wassail Shasana sa 13ú haois. Gluaiseacht impriseanaíoch an 19ú haois a spreag na pictiúir.

Scrúdaíonn an taispeántas seo smaointe, deasghnátha agus searmanais inár bpobal daonna. Tá sé mar aidhm aige breathnú orainn féin, agus níos faide ná sin, mar dhaoine aonair a aithníonn agus a léiríonn meas ar bheathra eile inár ndomhan nádúrtha, amhail coilíneachtaí éan agus coillte. Tugann sé cuireadh do lucht féachana ár gcaidreamh siombóiseach leis an domhan fiáin agus nádúrtha a thuiscint, tríd an dáimh atá againn leis an mhéid atá fágtha den fhiántas agus ag súil le fonn a spreagadh chun é a chosaint agus a leathnú - cibé bealach is féidir linn.

‘Is é mo mhian ó chroí go ndúisímid uilig, mar dhaoine daonna, chun cineáltas agus comhbhá a léiriú dúinn féin agus dá chéile agus don domhan fiáin a bhfuil a shláinte faoinár gcúram.’