What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Domh 30 Aib 2023
Am: 5:00pm

Cuireadh Oscailte | Clár na dTaispeántas i nDánlann Dillon 2024

Spriocdháta d’iarratais: 30ú Aibreáin @5 i.n. 

Tá Dánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar lorg iarratas a bhaineann le saothar ealaíne balla ó EALAÍONTÓIRÍ AITHEANTA dár gclár imeachtaí 2024. Glacfar le hiarratais do thaispeántais aonair nó do thaispeántais ghrúpaí.

Ba chóir d’ealaíontóirí ar spéis leo é DOICIMÉAD AMHÁIN I BHFOIRM PDF a chur isteach leis an fhaisnéis seo a leanas INA hIOMLÁINE ann, san ord seo a leanas:

  • 6 íomhá de shaothar a rinneadh le gairid – mar aon le toisí, meán agus teidil
  • Litir mhínithe maille le mionsonraí teagmhála an ealaíontóra
  • CV/Stair chleachtais ealaíne – 2 leathanach A4 ar a mhéad
  • Moladh i gcomhair taispeántais – 500 focal ar a mhéad
  • Beathaisnéis - 150 focal ar a mhéad

Ná cuir aon ábhar tacaíochta eile le d’iarratas, le do thoil, mar ní mheasfar é.

Cuirtear iarratais ar Dhánlann Dillon ar ríomhphost chuig cniruanaidh@culturlann.ie  agus an líne ábhair ‘Clár Taispeántas Dhánlann Dillon’ air.

Ní ghlacfar ach le hiarratais ar ríomhphost. Iarratais nach dtugann an t-eolas uilig a iarrtar, nó nach bhfuil leagtha amach mar a iarrtar, measfar iad a bheith neamh-incháilithe.

Painéal Amharcealaíon na Cultúrlainne – an Dr. Aisling O’Beirn, Andrew Whitson, Seán Mackel agus Emma Berkery – déanfaidh siad na hiarratais a mheas go hanaithnid ar bhonn na híomhánna a chuirtear isteach, ar an chéad dul síos.

Ba chóir d’ealaíontóirí ar spéis leo iarratas a chur isteach cuairt a thabhairt ar www.culturlann.ie faoi choinne tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta, ar an phróiseas measúnaithe agus ar phlean urláir na dánlainne.

Íocfar táille £500 le healaíontóirí a éiríonn leo agus gearrfar coimisiún 30% ar shaothar ar bith a dhíolfar.

Is ionad Gaeilge, ealaíon agus cultúir í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, atá lonnaithe i gcroílár Iarthar Bhéal Feirste

Tabhair faoi deara: Gheobhaidh tú ríomhphost admhála nuair a bheidh d’iarratas faighte.

Mar gheall ar an líon ard iarratas, ní bheidh muid in ann aiseolas a thabhairt.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta agus ar an phróiseas meaúnaithe.

Cliceáil anseo do phlean urláir Dánlann Dillon.

______________________________________________________________________________________________________________________________________

Cuireadh Oscailte | Clár na dTaispeántas i nDánlann na mBallaí Bána 2024

Spriocdháta d’iarratais: 30ú Aibreáin @5 i.n. 

Tá Dánlann na mBallaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar lorg iarratas a bhaineann le saothar ealaíne balla ó EALAÍONTÓIRÍ ATÁ AG TEACHT CHUN CINN dár gclár imeachtaí 202. Glacfar le hiarratais do thaispeáint aonair nó do thaispeántais ghrúpaí.

Ba chóir d’ealaíontóirí ar spéis leo é DOICIMÉAD AMHÁIN I BHFOIRM PDF a chur isteach leis an fhaisnéis seo a leanas INA hIOMLÁINE ann, san ord seo a leanas:

  • 6 íomhá de shaothar a rinneadh le gairid – mar aon le toisí, meán agus teidil
  • Litir mhínithe maille le mionsonraí teagmhála an ealaíontóra
  • CV/Stair chleachtais ealaíne – 2 leathanach A4 ar a mhéad
  • Moladh i gcomhair taispeántais – 500 focal ar a mhéad
  • Beathaisnéis – 150 focal ar a mhéad

Ná cuir aon ábhar tacaíochta eile le d’iarratas, le do thoil, mar ní mheasfar é.

Cuirtear iarratais ar Dhánlann na mBallaí Bána ar ríomhphost chuig cniruanaidh@culturlann.ie agus an líne ábhair ‘Clár Taispeántas Dhánlann na mBallaí Bána’ air.

Ní ghlacfar ach le hiarratais ar ríomhphost. Iarratais nach dtugann an t-eolas uilig a iarrtar, nó nach bhfuil leagtha amach mar a iarrtar, measfar iad a bheith neamh-incháilithe.

Painéal amharcealaíon na Cultúrlainne – an Dr. Aisling O’Beirn, Andrew Whitson, Seán Mackel agus Emma Berkery – déanfaidh siad na hiarratais incháilithe a mheas go hanaithnid ar bhonn na híomhánna a chuirtear isteach.

Ba chóir d’ealaíontóirí ar spéis leo iarratas a chur isteach cuairt a thabhairt ar www.culturlann.ie faoi choinne tuilleadh eolais ar na critéir cháilitheachta, ar an phróiseas measúnaithe agus ar phlean urláir na dánlainne.

Íocfar táille £300 le healaíontóirí a éiríonn leo agus gearrfar coimisiún 20% ar shaothar ar bith a dhíolfar.

Is ionad Gaeilge, ealaíon agus cultúir í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá lonnaithe i gcroílár Iarthar Bhéal Feirste

Tabhair faoi deara: Gheobhaidh tú ríomhphost admhála nuair a bheidh d’iarratas faighte.

Mar gheall ar an líon ard iarratas, ní bheidh muid in ann aiseolas a thabhairt.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta agus ar an phróiseas meaúnaithe.

Cliceáil anseo do phlean urláir na mBallaí Bána.