What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 2 Feabh 2023
Dáta: 2 Déar 16 Márta 2023
Am: 19:00
Costas: Saorchead

Taispeántas de shaothair nua leis an ealaíontóir Tiffani Love is ea ‘Hushing’. Spreagtha ag a siúlóidí, leagann pictiúir ola agus saothar liosna-bhunaithe Love béim shéimh in ‘Hushing’ ar na spásanna tairseachúla taobh istigh de thírdhreach na hÉireann.

Agus í ag siúl a cósta áitiúil féin feadh chladaí mealltacha an Atlantaigh i gContae an Chláir agus i gContae na Gaillimhe, agus feadh na tailte atá le fáil isteach ón chósta taobh le haibhneacha, sruthanna, turlaigh agus lochanna, cíorann a cuid saothair na spásanna sin ina meascann an t-uisce, an talamh agus an t-atmaisféar le chéile.

Scrúdaíonn an taispeántas an dóigh a dtéann na háiteanna seo i bhfeidhm ar chéadfaí an duine agus é ag dul tríothú. Is é croílár ‘Hushing’ ná sraith de phictiúir bheaga ola dar teideal ‘Field Notes’ a shoiléiríonn tionscadal leanúnach Love; is staidéir bheo, ach pearsanta ar áiteanna agus ar bhomaití ar leith iad.

Coinníonn sé ar an scrúdú a dhéanann sí ar an dóigh ar féidir le péinteáil tírdhreacha feidhmiú mar bhealach le háit a chaomhnú, agus ar an dóigh a n-airíonn muid ár dtimpeallachtaí agus mar a théann siad i gcion orainn.