What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Domh 1 Ean 2023
Dáta: 2 Aoine 31 Márta 2023
Am: 09:00am - 10:00pm

Clár Imbolc 2023 Chultúrlann McAdam Ó Fiaich seolta Clár il-Ealaíon do chách


Tá ráithe mhór imeachtaí ceoil, ealaíne, litríochta agus oideachais chugainn le sinn a thabhairt ar an aistear ó dhorchadas agus fuacht an gheimhridh isteach i nglaise an earraigh.
 
Beannaímid don Ghrian i ndiaidh an gheimhridh fhada dhorcha agus tá sé in am againn ár ndea-rúin a fhíorú, mar shampla filleadh ar ranganna Gaeilge, mar a gheall tú duit féin, nó triail a bhaint as ióga den chéad uair. Beidh ár scoil drámaíochta ar ais, Aisling Óg d'aisteoirí óga chomh maith le hAinreál na nÓg lán amhránaíochta agis ceoil chomh maith leis na Bopóga lán de rainn agus amhráin do leanaí agus tachráin óga. Déanaimid an féilire Ceilteach a cheiliúradh agus cuirfidh ceardlann Crosóga Bhríde tús oifigiúil le hImbolc. Ar a bharr sin, tá muid ag súil go mór le scoth an cheoil idir Chlann Mhic Corraidh agus sheoladh EP leis an cheoltóir nuálaíoch, Miadhachlughain O’Donnell gan trácht a dheánamh ar plúr an cheoil atá beartaithe ag Belfast TradFest idir Seámús agus Caoimhe Uí Fhlatharta, Friel Sisters agus níos mó. Dóibh siúd ar suim leo na hamharcealaíona, beidh ceithre thaispeántas nua againn ag ornú Dhánlann Dillon agus na mBallaí Bána. Is cuma cén aois thú, tá rud éigin sa chlár seo duit.
 
Arsa Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:
 
 
Mar sheaimpín na n-ealaíon agus an chultúir Ghaeilge anseo i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta na cathrach, cinntíonn an Chultúrlann go mbíonn deis ag gach duine sult a bhaint as raon iomlán na n-eispéireas cruthaitheach. Cuireann clár Imbolc tús leis an Earrach ar an bhealach is fearr le ranganna agus ceardlanna nua, imeachtaí ceoil bheo agus seisiúin cheoil thraidisiúnta, taispeántais le healaíontóirí óga iontacha, Deireadh Seachtaine Geimhridh Tradfest Bhéal Feirste, agus a bhuí le Féile Páistí Bhéal Feirste na bliana seo, beidh an léiriú aoibhinn ‘Téatar do Pháistí’, le Branar ann. Sin agat gach a bhféadfá a lorg le do chruthaitheacht a mhúscailt!
 
Dúirt Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir na Cultúrlainne:
 
Bliain mhór í 2023 ag an siopa leabhar An Ceathrú Póilí, atá ag ceiliúradh an dá scór ar an fhód. Beidh an Ciorcal Léitheoireachta ag teacht le chéile mar is gnách le leabhair ficsin nuafhoilsithe a phlé agus beidh cóisir mhór Leabhra Feabhra ann le seanchomrádaithe an tsiopa, an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh, Coiscéim, agus a mic cheolmhara atá sa ghrúpa Kíla. Tá leabhair agus albaim eisithe acu uilig le dhá bhliain anuas.
 
Nótaí
Is ionad Gaeilge agus ealaíon é Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Bíonn clár imeachtaí bríomhar ag an Chultúrlann gach séasúr a chuimsíonn drámaíocht, ceol, imeachtaí óige agus imeachtaí pobail agus teaghlaigh.
Faigheann Cultúrlann McAdam Ó Fiaich maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, an Roinn Pobail, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Crannchur Náisiúnta an Chiste Oidhreachta agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.
Is féidir teacht ar chlár ár n-imeachtaí ar na hardáin éagsúla ar na meáin shóisialta agus www.culturlann.ie

Clár Imachtaí iomlán ar fáil anseo