What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Céad 31 Lún 2022
Am:

Clár Imeachtaí na Féile Lúnasa: Clár imeachtaí spleodrach do chách sa phobal ‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ mar a deir an t-amhrán clúiteach!

Tá lúcháir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ár gclár samhraidh a chur faoi bhráid an phobail le plúr na n-imeachtaí agus na dtograí ann le freastal ar chách sa phobal agus muid ag druidim le Féile Lúnasa. Ó thaobh imeachtaí óige de, tá muid ag súil le páistí a fháiltiú chuig scéimeanna samhraidh a bheas ag titim amach anseo sa Chultúrlann do pháistí agus do dhaoine óga lena n-áirítear Scéim Samhraidh le Cumann Óige na bhFál i mí Iúil agus Scéim Samhraidh Aisling Óg i mí Lúnasa. Beidh na scéimeanna seo lán gníomhaíochtaí le scileanna cruthaitheacha na ndaoine óga a chothú agus a fhorbairt. Tá ar ndánlanna ag óstáil taispeántais speisialta agus is féidir bualadh isteach agus dul thart ar na taispeántais ghalánta atá ag teacht aníos lena n-áirítear Ní bheidh sé mar a bhí le Sinéad Ó Néill McNicholl i nDánlann Dillon agus céad taispeántas aonair Róisín Ní Neachtáin sna Ballaí Bána.

Má chuireann tú dúil sa cheol thraidisiúnta, aithneoidh tú na sár-oirfidigh seo a leanas ar a gcéad ainm amháin – Muireann, Angelina Caitlín, Síle, Edwina agus Doireann. Tá siad uilig ag teacht le chéile ar ardán na Cultúrlainne fá choinne oíche speisialta le Belfast Trad Fest, ‘Tá Bean in Éirinn’. Beidh Lonesome George ag seinm i mbialann na Cultúrlainne againn chomh maith, agus beidh oíche cheoil ghalánta ann le Anthony Toner, Gráinne Holland, Ken Haddock agus Matt McGinn in ómós Van Morrison mar chuid den East Side Arts Festival. Ar a bharr seo, beidh deis uathúil ann damhsa an dekbeh a fheiceáil agus Diyar Theatre as an Phalaistín agus DU Dance na cathrach seo le chéile le linn Fhéile an Phobail. Beidh réimse de na healaíona á n-ofráil againn anseo sa Chultúrlann, an samhradh seo.

Is cúis áthais í go mbeidh an fhéile ar an imeall, Liú Lúnasa ar ais i mbliana leis an samhradh a thabhairt chun críche le dianchúrsa dhá lá, ióga na maidine, ceolchoirm spleodrach i gcomhar le Cairde na Palaistíne. Beidh an Slam Filíochta ag pilleadh faoi dhíon na Cultúrlainne arís le duaischiste de £1,100. Mar sin de, téigí i mbun cumadóireachta!

 

Arsa Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,

“Buail isteach sna dánlanna leis na taispeántais éagsúla a fheiceáil, agus coinnigh súil amach do na margaí nua atá againn an samhradh seo a chuimsíonn ceolchoirm agus béile blasta sa bhialann álainn s’againn. Buíochas ó chroí lenár bpríomh- mhaoinitheoir, an Chomhairle Ealaíon, agus lenár maoinitheoirí uilig, as tacú linn i gcónaí na himeachtaí ilghnéitheacha seo a chur ar fáil.”

Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann,

“Is suíomh tábhachtach féile é an mol cruthaitheach seo agus ball lárnach i líonra leathan na n-ealaíon le páirtíochtaí láidre le heagraíochtaí ealaíon ar fud na cathrach agus níos faide i gcéin, a chiallaíonn go dtig linn bheith ag súil le hiliomad imeachtaí iontacha ag an Chultúrlann mar chuid d’Fhéile an Phobail, Eastside Arts agus Belfast Trad Fest.”

Níl anseo ach blaiseadh ar ár n-imeachtaí samhraidh. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoinár n-imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí sa chlár atá ar fáil le híoslódáil anseo.