What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 18 Samh 2022
Am: 4:00pm
Costas: £5

Ní mór gach iontráil a bheith ina saothar úrnua de chuid an iarrthóra féin agus ní mór nár foilsíodh cheana í ach oiread, bíodh sé sin sna meáin nó féin-fhoilsithe.

Fáilteofar roimh dhánta scríofa i nGaeilge NÓ i dteangacha eile seachas an Ghaeilge.

Agus an saol ag teacht ar ais mar a bhíodh, cuirfear fáilte ar leith roimh dhánta a bhaineann leis an téama ATHNUACHÁN, ach ar ndóigh fáilteofar roimh dhánta eile chomh maith.

Trí dhán an t-uasmhéid a ghlacfar ó iarrthóir ar bith. Is gá foirm iontrála a chomhlánú do gach dán acu.

Ní mór d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir theagmhála agus/nó do sheoladh ríomhphoist a scríobh ar an fhoirm iontrála, mar aon le teidil na ndánta.

Ná cuir d’ainm ná aon sonraí pearsanta eile ar an leathanach/na leathanaigh a bhfuil na dánta scríofa orthu.

Gearrfar táille £5 ar gach iontráil (uasmhéid 3 dhán).

Eagraíocht neamhbhrabúis is ea Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus rachaidh aon airgead a bhaileofar i dtreo na gcostas a bhaineann le riarachán an chomórtais.

Seasfaidh gach rogha agus cinneadh a dhéanfaidh na moltóirí agus níl cead aon teagmháil ná cumarsáid a dhéanamh leo maidir lena gcinntí.

Reáchtálfar oíche bhronnta na nGradam i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an 8 Nollaig, áit a bhfógrófar na buaiteoirí agus a mbronnfar na Gradaim.

Má chuirtear isteach iontráil, glacfar leis go nglacann an t-iarrthóir le rialacha agus coinníollacha an chomórtais.

Ní mór iontrálacha a chur le ríomhphost (Doiciméad Word) agus cóip den fhoirm d’iontrálacha ar gach ceann acu faoi seach) chuig: comortas@culturlann.ie nó mar chóip chrua chuig COMÓRTAS, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Br. Na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH faoi 4.00pm Dé hAoine 18 Samhain 2022.

N.B. Ní ghlacfar le hiontráil muna bhfuil an táille chuí léi.

 

Tuilleadh eolais ag: caoimhin@culturlann.ie Fón: 028 9096 4180

Foirm d'Iontrálacha Anseo

Treoirlinte Anseo