What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Luan 15 Lún 2022
Dáta: 2 Luan 6 Meith 2022
Am: 06|06|22 - 15|08|22
Costas: Saorchead

Saolré an taispeántais: 06|06|22 - 15|08|22

Tá lúcháir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an taispeántas aonair seo de chuid Patrick Hickey, ealaíontóir agus taighdeoir atá lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste, a chur in bhur láthair.

 

Looking for a Home, a Place to call our Own, a Place where we can be Alone: Is taispeántas é de phictiúir a tharraing Patrick mar chuid dá thaighde cleachtasbhunaithe PhD ar Ollscoil Uladh, Béal Feirste. Fiosraítear sa taispeántas féiniúlacht agus fearúlacht  aiteach na hÉireann tríd an fhíor lomnocht fhireann a fhiosrú i leagan fantaisíochta de thírdhreach na hÉireann.

 

“Ba mhinic a ruaigeadh daoine aiteacha chun na n-imeall agus a ceileadh an stair s'acu. Go dtí ar na mallaibh féin, séanadh ár gcearta ar oileán na hÉireann. Mar chuid de mo thaighde agus faoi choinne an taispeántais seo, ba mhian lion na fíoracha ceilte a thabhairt chun cinn, trí dhomhan a chruthú ina dtig leo taiscéaladh agus a bheith ann gan srianta dhearcthaí na hÉireann agus Thuaisceart na hÉireann á gceangal.”

 

Samhlaíonn Hickey an domhan seo agus é ina oileán rúndiamhair tearmainn ina gcónaíonn na carachtair, i bhfolach agus saor ó reitric éadulangach, chlaonta. Miotaseolaíocht na hÉireann a spreagann é, go sainiúil Oileán Uí Breasail atá, de réir an tseanchais, amach ó chósta thiar na hÉireann. Tá iomrá ar an oileán seo i miotais agus i bhfinscéalta ag dul siar chomh fada leis an 14ú céad agus ba mhinic aistir mhara ar siúl ag iarraidh teacht air. Tírdhreach na hÉireann an spreagadh díreach atá ag an oileán i bpictiúir Hickey, spreagadh a chruthaíonn sé trí ghrianghraif a tharraing sé in iarthar na hÉireann agus in áiteanna mórthimpeall Bhéal Feirste, áit a bhfuil sé ina chónaí, agus úsáideann sé iad le leagan ficseanaithe d'Éirinn a chumadh le go dtig leis a bheith ag péinteáil agus ag tarraingt. Trí na fíoracha aiteacha fireanna seo a fhiosrú go hoscailte, tá súil ag Hickey go dtig leis an dénárthán heitreanormatach a chorraí trí na daoine atá dofheicthe agus imeallaithe a chur os comhair an tsaoil.