What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 21 Feabh 2020
Am: 9.00rn-5.00rn
Costas: Saorchead/ Buail isteach

Is taispeántas aonair é “MURKTACKTISS” de shaothair an ealaíontóra Gerard Carson atá lonnaithe i mBéal Feirste. Cuimsíonn “MURKTACKTISS” píosaí dealbhóireachta, gearrthóga físe, beochaintí agus líníochtaí, agus dírítear isteach ann ar mhodhanna léirithe/ athruithe a bhfuil borradh ag teacht orthu i dtimpeallacht ina bhfuil líonraí eolais agus ábhair ag éirí níos teibí de réir a chéile. Téann gnáthrudaí agus ábhair i bhfostú i dtacair athruithe, agus iad i mbun chéimeanna claochlaithe, i mbailiúcháin atá ag athrú i rith an ama, agus ina gcailltear gnáthrudaí aonaracha ina rachtanna anordúla. Agus nochtar cruthanna nuálacha ón mhoing bhroghach ábhair sin, a ghineann meascáin fhíriúla a chónascann na sainmhínithe a bhaineann le ‘aitheanta/anaithnide’ agus ‘bréagach/fíor’. Is ionann MURKTACKTISS agus léiriú leanúnach ar an dóigh a gcónascann ábhair éagsúla lena chéile, agus baineann sé leas as an taighde atá déanta ag Carson ar líníocht Ghotach, ar oibriú ábhair agus ar áisiúlacht teicneolaíochta.

Caint an ealaíontóra. 25/01/20 – 13:00 – 14:00 San imeacht aon uaire seo, déanfaidh an t-ealaíontóir Gerard Carson daoine a threorú thart ar a thaispeántas MURKTACKTISS i nDánlann Dillon agus é ag freagairt ceisteanna i rith an ama. Is imeacht saor in aisce é seo oscailte don phobal.

Ag rith ó 08/01/2020 – 21/02/2020