What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Luan 31 Lún 2020
Am:

Ba mhaith le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich buíochas mór ó chroí a ghabháil leis na hiarrthóirí ar fad a ghlac páirt inár gcomórtas gearrscéalaíochta. Bhain ár moltóirí an-sult as bhur gcuid scéalta a léamh. San am dúshlánach seo, chuir sé gliondar ar chroí na Cultúrlainne an oiread agaibh a léirigh spéis inár gcomórtais agus as ucht na hinspioráide sna scéalta ar fad. Seo thíos a raibh le rá ag ár moltóirí faoi bhur scéalta iontacha:

 

Myra Zepf:

“Bhain mé sult as cuimse as na scéalta ar fad a léamh a chuir na páistí chugainn don chomórtas seo. Lán le haicsean fuinniúil, le carachtair iontacha, le mothúcháin theolaí agus samhlaíocht spleodrach, d'ardaigh siad mo chroí in am seo an dianghlasála.  Mo cheol sibh, a scríbhneoirí óga!”

Áine Nic Gearáilt:

“Maith sibh uilig a chuir scéal isteach sa chomórtas seo. Oscailt súl iontach a bhí sna scéalta dom nó bhí samhlaíocht agus tuiscint shuntasach ag roinnt le gach aon scéal acu. Is é an trua mhór nach féidir duais a thabhairt d’achan duine agaibh. Tá mé ag súil go mór le hiad uilig a fheiceáil i gcló amach anseo. Ansin, beidh cuid mhór daoine eile ábalta sult a bhaint as bhur gcuid scéalta fosta. Agus coinnígí oraibh ag scríobh, le bhur dtoil! Tá bua na scríbhneoireachta agaibh uilig agus ní raibh sa chomórtas seo ach tús.”

An tOllamh Fionntán de Brún:

“Bhí samhlaíocht mhór agus smaointe iontacha le brath i measc na scéalta agus na n-aistí a fuair muid. Ba mhór an tógáil croí iad agus thug siad uilig léargas dúinn ar an spiorad iontach pobail atá i measc aos óg na linne seo. Gura fada buan iad i mbun pinn.”

Gráinne Ní Ghilín:

“Léirigh na scéalta uilig an tábhacht atá le cairde agus comhoibriú i measc an phobail, go háirithe in am an ghátair. Comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí agus moladh mór leis na scríbhneoirí óga uilig a chuir isteach ar an chomórtas.”

Níl muid ábalta duais a thabhairt do gach duine de bharr an éilimh ach tá muid ag iarraidh foilseacháin a tharraingt le chéile le gach scéal amach anseo agus bheadh muid buíoch dá rachfá i dteagmháil mura bhfuil tú ag iarraidh go mbeidh do scéal san áireamh.

Tá áthas orainn na buaiteoirí a fhógairt agus más rud go bhfuil tú ar liosta na mbuaiteoirí, bheadh muid buíoch dá rachfá i dteagmháil leis na sonraí teagmhála thíos faoi:

Rannóg 6 – 10 bliain d’aois: sinead@culturlann.ie

Rannóg 11 – 14 bliain d’aois: bronagh@culturlann.ie

Tá súil againn gur bhain sibh sult as a bheith páirteach sa chomórtas agus tá moladh mór ag dul do gach scéal.

Go raibh maith agaibh agus bígí slán.