What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 8 Lún 2019
Dáta: 2 Déar 19 MFómh 2019
Am: Gnáth-amanna oscailte
Costas: Saor in aisce

Seoladh taispeántais: 08/08/2019 ag 7:00pm. Oscailte ag gnáth-amanna oscailte ina dhiaidh sin.

As Béal Feirste ó dhúchas do Andrew Whitson.Tá leabhair maisithe aige ar ghnéithe éagsúla de mhiotaseolaíocht na hÉireann, ina measc The Creatures of Celtic Myth, The Field Guide to Irish Fairies agus The Dark Spirit. Ó 2007 ar aghaidh, tá sraith de phictiúrleabhair mhór-ráchairte do pháistí maisithe aige: Gaiscíoch na Beilte Uaine (gearrliosta Bisto agus buaiteoir Ghradam Réics Carló 2007); Balor (Gradam Réics Carló 2009); An Gréasaí Bróg agus na Sióga (gearrliosta Bisto agus Réics Carló 2010); Mac Rí Éireann (2011); Ó Chrann go Crann (gearrliosta CBI, buaiteoir Ghradam Réics Carló 2012 agus ghradam R.A.I. 2013). Bronnadh duais onórach Bisto le haghaidh maisiú leabhar ar Andrew in 2011. I gcomhar le Caitríona Nic Sheáin, tá 3 leabhar ficsin do pháistí, idir scríobh agus léaráidí, déanta ag Andrew, mar atá, Cogito, Pop! agus Cúraille i gCeannas.

Focal ón ealaíontóir

"Bhain mé ardtaitneamh cruthaitheach riamh as deis a bheith agam mo chuid smaointe a chomhroinnt le daoine eile! Tháinig an fonn seo – smaointe a chomhroinnt – orm tamall fada ó shin nuair a tháinig mé ar pheann luaidhe brúite faoi ladhar eilifinte i lár an tseomra suí agus é ag ceilt mo radharc ar an teilifís!

Nuair a thug mé cead a chinn do mo pheann, d’imigh an eilifint, thréig mé an teilifís agus d’éalaigh mé féin agus mo pheann luaidhe ar aistear saoil na smaointe. Le mo chara, an peann luaidhe, i mo dhorn agam, tá mé fós faoi dhraíocht fiú sa lá atá inniu ann, ag na haistir a dtugaimid fúthu le chéile!"