What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 3 Lún 2023
Dáta: 2 Déar 21 MFómh 2023
Am: 19:00
Costas: Saorchead Isteach

The psyche is imbedded in the Natural world and communicates symbolically, this interconnected reality.

Tá an tsícé neadaithe sa domhan nádúrtha agus déanann sí cumarsáid shiombalach, an fhírinne nasctha seo.

The mind is alive in the forest | Bíonn an intinn beosa choill
The sky is expansive | Tá an spéir fairsing


Ealaíontóir ildisciplíneach í Petra Dominova a oibríonn le péinteáil, íomhá ghluaisteach, ealaín fuaime, ealaín dhigiteach agus le suiteáin. Baineann sí úsáid as miotais agus as íocónagrafaíocht phearsanta, iomasach le saothar a chruthú a dhíríonn aird ar chisil fho-chomhfhiosacha na sícé, mar ar cuid suntais iad an siombalachas a léiríonn nasc le haontacht an Dúlra agus ár bhfréamhacha ach, san am céanna, fiosraítear smaointe faoi mheabhair, éicea-shíceolaíocht agus misteachas. Domhain a thógáil agus iad fite ina chéile trí chruthanna agus fíoracha orgánacha, báite i bhfírinne chomónta, chéadfach. Tá na saothair á gcruthú suite i dtimpeallacht thumthach a théann go smior an bhreathnóra.

Cnuasach de shaothar úr de chuid an ealaíontóra a bheidh sa taispeántas, ina bhfiosraítear domhan fileata agus siombalach na héicea-shíceolaíochta. Is minic an chosmeolaíocht á léiriú sa saothar. Tá sé seo le meas i gcomhthéacs is leithne an chianspáis agus mar aircitíopúil, ar aon dul le síceolaíocht an duine.

Agus muid ar tí scaradh lenár bhfréamhacha i ré seo na teicneolaíochta, is ann don intinn ársa bhunúsach go fóill i réimse na hinstinne agus na miotas. Leanann an saothar domhan nádúrtha na hintinne trína dtugtar eispéireas níos suibiachtúla. Is ann do na saothair féin i spás tumthach, pearsanta, agus cuirtear ar an bhreathnóir dul a thaiscéaladh arís agus domhan dá gcuid féin á dtairiscint acu.

Is iarracht é an saothar seo atmaisféar an Dúlra, agus mar a shreabhann sé, a ghabháil. Síneann sé a rithim isteach i scéal siombalach, in amanna gan chruth, amanna eile casta agus todhchaíoch. Mar an abhainn a cheanglaíonn an uile ní. Sruth íomhánna agus fuaimeanna i ngréasán an domhain Nádúrtha agus na sícé, ag cruthú fírinne osréalach, fhairsing.