What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 28 Aib 2022
Am: 19:00
Costas: Saorchead

Trí úsáid scannánaíochta, fhilíochta agus ghrianghrafadóireachta, scrúdaíonn Noel cén fáth a bhfuil bus uimhir 12 go fóill beo beathach ina chuimhne, agus an dóigh a léiríonn imeachtaí na tréimhse sin aistriú ó shoineantacht a óige go réaltachtaí Bhéal Feirste sna 1960idí deireanacha.

Ag croílár a ghearrscannáin ‘Lost Lines’, tá ‘aithriseoireacht’ chorraitheach ar bhusbhealaí na cathrach arna chur i láthair ag a nia, an t-aisteoir Colin Connor. Ar a bharr sin, scrúdaíonn an scannán agus a chuid grianghrafadóireachta an gréasán iontach de línte cumhachta agus cáblaí a thrasnaigh gach bealach ar fud na cathrach, lá den tsaol. Trí íomhá agus fuaim, d’fhéach sé lena n-áilleacht theibí shimplí agus a suntas siombalach a chur i láthair mar línte ceangail agus cumarsáide atá caillte. Arís eile fíonn focail Noel féin snáithe insinte trína chuid íomhánna go léir, ag cruthú dánta allabhracha agus píosaí fuaime a chruthaíonn sraith eile dá shaothar.

Cuireadh saothar Noel ar taispeáint go forleathan in Éirinn agus sa Bhreatain agus bhí baint aige le go leor comhoibrithe agus foilseachán le filí lena n-áirítear Gerald Dawe, Tom Paulin, Maura Dooley agus Seamus Heaney. Don taispeántas seo tá tuilleadh forbartha déanta aige ar smaointe a sheol sé do ‘Frontier Work’ - seó grúpa ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn, coimeádta ag an scríbhneoir Garrett Carr agus tacaithe ag Artlink Donegal.

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoi Noel agus faoina shaothar go léir roimhe seo, gabh chuig a shuíomh gréasáin ag: www.noelconnor.com