What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 3 Feabh 2022
Am: 7:00pm
Costas: Saorchead

Seoladh ar Thaispeántas Nua!

Is féidir mí-úsáid a bhaint as cultúir thraidisúnta sa taobh seo tíre mar insint dhiúltach, agus mar dhóigh leis an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile. Tá níos mó i gceist linne ná bratacha agus clocha colbha. Tá áilleacht inmheánach bainte le gach cultúr cé go ndéantar neamhaird air seo in amanna. Chruthaigh foirgnimh agus láithreacha éagsúla ar nós Chaisleán Chnoc an Anfa, Mainistir Chluain Ard, Reilig Bhaile an Mhuilinn agus Páirc Windsor saothair thar a bheith suimiúil, siméadrach atá scartha ó na tréithe traidisiúnta a bhaineann leo. Tríd an rogha saothair seo, tá mé ag iarraidh tú a spreagadh le hamharc níos faide i gcéin ná an stair atá ag áiteanna agus sult agus tuiscint a bhaint as an áilleacht taobh istigh díobh. Cuimsíonn mo shaothar píosaí ilathraitheacha arna spreagadh ag láithreacha agus sainchomharthaí tíre a n-aithnítear baint a bheith acu le cultúir amháin seachas a chéile, bunaithe ar na cultúir scartha anseo. Ag díriú an spotsolais ar áilleacht atá sofheicthe gach áit anseo, ach fios a bheith agat cá háit le hamharc, fíoráilleacht i ngach cultúr ar féidir sult a bhaint as gan réamhchlaonadh.