What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 23 Ean 2021
Am: 10am-1pm
Costas: Saorchead

Is cuireadh é an cheardlann seo le dul i ngleic le saothar an Drawing Journal agus a dtaispeántas, Íomhá na Smaointeoireachta, le do scileanna scríbhneoireacht cruthaithí agus líníochta a fhorbairt, bunaithe ar chuimhní cinn pearsanta agus réada a thugann rannpháirtithe chuig an cheardlann.

Beidh an chéad sciar den cheardlann éascaithe ag Niamh Clarke agus Doris Rohr le tacaíocht ó Tamzin Ashcroft.

Beidh an dara sciar den cheardlann éascaithe ag Tamzin Ashcroft le tacaíocht ó Niamh Clarke agus Doris Rohr

Mairfidh an cheardlann iomlán 3 uair a chloig agus tá sé teoranta do 12 rannpháirtí

Cuid 1: 85 nóiméad le Doris Rohr & Niamh Clarke

Réada suntasacha

Sa chéad dul síos, pléifidh muid saorchaidreamh trí scríbhneoireacht agus líníocht. Beidh réada pearsanta ina gcuid shainiúil d’fhorbairt na scríbhneoireachta a bhfuil tábhacht phearsanta leo i bhformaid dírbheathaisnéise agus/nó freagraí ficseanacha. Spreagfar rannpháirtithe chun triail a bhaint as líníocht marcanna, más suim leo.

Sos 15 nóiméad

Cuid 2: 80 nóiméad le Tamzin Ashcroft

Forbairt na hinsinte:

Beidh rannpháirtithe ábalta nasc a dhéanamh idir líníocht agus téacs agus féidearthacht chruthaitheach an dá mheán a aithint. Ag tógáil inspioráide ó Íomhá na Smaointeoireachta, roghnaíonn rannpháirtithe ceann de na teidil sa tionscadal a bhfuil dáimh acu leis agus tugann siad faoi phíosa scríbhneoireachta a fhorbairt as. Is í an aidhm í intinn an rannpháirtí a shaoradh maidir le freagraí téacsbhunaithe a fhorbairt leis an phróiseas chruthaitheach a spreagadh.

Tar éis seo, beidh léiriú de stíleanna líníochta éagsúla agus soláthar deis dul i ngleic le líníocht agus réimse modhanna líníochta curtha i láthair ag Tamzin. Léireoidh Tamzin é seo trí úsáid a bhaint as samplaí ón taispeántas. Spreagann an chuid seo den cheardlann rannpháirtithe a scileanna líníochta a fhorbairt.

Tabharfar cuireadh do gach rannpháirtí a ndea-chleachtas, a scéalta agus a líníochtaí a roinnt.

Tabhair leat na nithe seo a leanas:

Riachtanach:

Réad nó roinnt réada a bhfuil a chiallaíonn rud pearsanta duit

Peann/leabhar nóta, peann luaidhe, cuimilteoir

Roghnach:

Rialóir, gualach, cailc, pastal

Ní mór do na rannpháirtithe a chinntiú go bhfuil fáil acu ar Zoom. Tá feidhm físe inmhianaithe.

Beidh an cheardlann seo i mBéarla