Dáta: Luan 20 Meith 2022 |
Am: |
Fáilte romhaibh chuig ár n-acmhainn chruthaitheach do theaghlaigh, ‘Féileacán agus Bolb’.
Tá an acmhainn seo lán de dheiseanna foghlama cruthaitheacha don teaghlach ar fad. Is scil ríthábhachtach é an cumas smaoineamh go cruthaitheach ar feadh ár saoil. Is scileanna lárnacha iad atá le cothú inár bpáistí, amhail an cumas fadhbanna a réiteach, smaoineamh go criticiúil ar ár ngníomhartha agus ar ár gcuid oibre, agus an fhoghlaim a thabhairt chun cuimhne agus a chur i bhfeidhm ar bhealaí nua. Tugtar aghaidh orthu go léir anseo!
Faoi láthair, mar thuismitheoirí, tá muid go léir i ndeireadh foighne, agus folláine ár bpáistí ar bharr ár n-imní. Is féidir le gníomhaíochtaí cruthaitheacha strus a mhaolú agus suaimhneas a chruthú, aird a mhéadú agus mothúchán folláine a chruthú.
Níl aon fhreagra mícheart ann, agus tá an cumas againn go léir tabhairt faoi!
I measc na ngníomhaíochtaí a chlúdaítear tá go leor réimsí foghlama ó Churaclam na Bunscoile ón Bhonnchéim go hEochairchéimeanna 1&2 lena n-áirítear:
Na hEalaíona
An Domhan Thart Orainn
Teanga agus Litríocht
Matamaitic agus Uimhearthacht
Forbairt Phearsanta agus Comhthuiscint
Corpoideachas agus Gluaiseacht
Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta
Úsáid TFC
Cumarsáid