What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Céad 11 MFómh 2019
Dáta: 2 Céad 13 Samh 2019
Am: 7:00pm - 9:00pm
Costas: £35.00 (£30.00 lámháltas)

Tá clárúchán oscailte anois do théarma an Fhómhair de ranganna Gaeilge. Beidh ranganna ar siúl ar feadh téarma 10 seachtain ó 7:00pm - 9:00pm gach oíche Chéadaoin. 

Fosta, beidh rang do thosaitheoirí ar siúl gach maidin Sathairn ar feadh 10 seachtain ó 11:00am - 1:00pm. 

Glan-tosaitheoirí:                 

Foirfe do dhaoine nár foghlaim Gaeilge ar bith riamh agus gur mhaith leo triail a bhaint aisti. Is é an rang seo bonn den scoth do d’aistear teanga, ag cur tús leis sin le focail agus frásaí bunúsacha.

Bunrang:                

Tá an rang seo foirfe do dhuine ar bith a bhfuil cúpla focal acu ach atá ag toiseach amach a bheag nó a mhór. Anseo, forbróidh tú do scileanna, agus foghlaimeoidh tú faoi foirmiú abairtí agus freagairt ceisteanna bunúsacha.

Meánrang:             

Oireann Leibhéal do dhaoine atá bogtha ar aghaidh ó na céimeanna núíosacha, agus atá ag éirí níos muiníní leis an Ghaeilge. Sna ranganna seo, foghlaimeoidh tú dul cainte níos casta agus cuirfidh tú le do stór focal sa Ghaeilge.

Ardrang:                 

Foirfe do dhaoine atá muiníneacha lena gcuid Ghaeilge cheana, agus gur mhaith leo tógáil ar a líofacht agus a scileanna teangacha. Cuireann Leibhéal 4 béim ar úsáid na scileanna atá agat, agus ag dul ar aghaidh le forbairt teanga go neamhspleách.

Beidh múinteoirí ar fáil ó 6.00pm ar an oíche chlárúcháin le cuidiú leat cinneadh a dhéanamh faoin leibhéal is fóirsteánaí duit.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar ranganna Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich anseo.