What are you looking for?

Clár na Samhna: Clár imeachtaí draíochtúla do gach duine sa phobal

Is cúis áthais é do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich Clár na Samhna a chur faoi bhráid an phobail le neart imeachtaí agus tograí nua ann agus muid i mbéal an Fhómhair, tús na n-oícheanta dorcha ag teacht agus muid ag druidim le Féile na Samhna.

Tá muid ar bís go mbeidh páistí óga ar ais sa Chultúrlann ag déanamh forbairt ar a gcuid scileanna cruthaitheacha inár scoil drámaíochta, Aisling Óg. Chomh maith leis sin, beidh sraith nua de na Bopóga do na babaithe agus na tachráin óga, agus beidh amhránaíocht, ealaíon agus scéalaíocht ann. Beidh imeacht draíochtúil teaghlaigh againn bunaithe ar an leabhar galánta, ‘Ceol na Sióg’ le Grainne Holland agus Mr Ando ina mbeidh ceardlann ealaíne agus ceolchoirm teaghlaigh againn.

Tá lúcháir orainn go bhfuil muid ag ceiliúradh 30 bliain na Cultúrlainne agus is cuí agus is tráthúil é go mbeidh taispeántas ealaíne speisialta á sheoladh ag daltaí tallannacha Choláiste Feirste, i nDánlann Dillon ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Beidh scoth na litríochta againn fosta le seoladh an leabhair nua, ‘Bláth na dTulach’, díolaim scéalta Ultacha arna chur in eagar ag an scríbhneoir Feirsteach, Réaltán Ní Leannáin agus arna fhoilsiú ag Éabhlóid. Chomh maith leis na himeachtaí, beidh réimse ranganna agus cúrsaí nua againn idir ranganna Gaeilge, Ióga le Dúnla agus ranganna amhránaíochta ar an sean-nós le Doimnic Mac Giolla Bhríde.

Arsa Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus i ndiaidh dúinn tréimhse fhada a chaitheamh scoite amach óna chéile, tá clár curtha le chéile ag ár bhfoireann imeachtaí a bhfuil an chomhpháirtíocht agus an cairdeas go smior ann. Beidh taispeántais ealaíne againn i gcomhar lenár bpríomh-mhaoinitheoir, an Chomhairle Ealaíon, agus le Coláiste Feirste. Is faoi dhíon na Cultúrlainne a bunaíodh an scoil 30 bliain ó shin agus tá sí ar an ghaelscoil is mó in Éirinn anois. Táimid iontach sásta go mbeidh saothar na ndaltaí le feiceáil ar bhallaí Dhánlann Dillon agus ar na Ballaí Bána gan mhoill.

Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann,

Mar phríomh-mhaoinitheoir trínár gcistí ón Chrannchur Náisiúnta, tá lúcháir ar an Chomhairle Ealaíon tacú leis an Chultúrlann agus iad ag leanúint orthu ar a n-aistear iontach 30 bliain chun daoine agus pobail a thabhairt níos gaire dá chéile trí shult a bhaint as ealaíona iontacha i gcuideachta a chéile.

Tá cóipeanna de chlár na Samhna le fáil anseo.