What are you looking for?

Tá lúcháir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ár gclár samhraidh a chur faoi bhráid an phobail le neart imeachtaí agus tograí ann agus muid ag druidim le Féile Lúnasa. Agus muid ag súil le tógáil na srianta de réir a chéile, tá muid ar chipíní le bheith abálta meascán imeachtaí idir fisiciúil anseo sa Chultúrlann agus ar líne a reachtáil ag freastal ar chách sa phobail.

 

Ó thaobh imeachtaí óige de, tá muid ag súil le pásití a fháiltiú ar scéimeanna samhraidh a bheas ag titim amach anseo sa Chultúrlann do phásití agus daoine lena n-airítear Scéim Samhraidh Chumainn Óige na bhFál i mí Iúil agus Scéim Samhraidh Aisling Óg i mí Lúnasa lán gníomhaíochtaí le scileanna cruthaitheach na ndaoine óga a chothú agus a fhorbairt. Tá ar ndánlanna ar oscáilt arís fosta agus is féidir buail isteach agus dul thart na taispeáintais galánta atá ag teacht aníos lena n-airítear Gan Srian le Stephen Shaw i nDánlann Dillon agus I gCroílár mo Chroí le Artists at the Mill sna Ballaí Bána.

Agus muid ag leanstan lenár gcéiliúradh 30 Bliain anseo sa Chultúrlann, beidh an t-iriseoir John Cooney linn ag cíoradh saoil an Chairdinéil Thomáis Uí Fhiaich, a shuim i gcaohmnú na Gaeilge agus a thionchar ar an tírdhreach polaitiúla anseo ó thuaidh.  Beidh Coirneál an Cheoil ag leanstan ar aghaidh ar líne a ligfidh do gach duine tiúnáil isteach beag bán ar cá háit ar dhroim an domhain atá tú, le plúr na gceoltóirí páirteach ann idir Rónán Ó Snodaigh, Bernadette Morris, An Chéadh Glúin Eile agus níos mó!

Is cúis atháis é go mbeidh an fhéile ar an imeall, Liú Lúnasa ar ais i mbliana leis an tSamhradh a thabhairt chun críoch le dianchúrsa trí lá ar Zoom, ceolchoirm fhuinniúil, pléphainéal agus buaicphointe na féile, an Slam Filíochta le duaiseanna den chéad scoth.

Arsa Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,

Samhradh eile againn faoi anáil an choróinvíris, ach is mór an t-ardú meanman é go dtig linn athoscailt de réir a chéile, céim ar chéim. Beidh gáire agus scairteadh páistí ag creathadh ar fud an tí an athuair ag na scéimeanna samhraidh agus ag seoladh leabhar nua i sraith Rita le Máire Zepf. Tá fáilte ó chroí roimh chuairteoirí ar ais sna gailearaithe fosta.

Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann,

Mar phríomh-mhaoinitheoir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, trí chistí an Chrannchuir Náisiúnta, tá lúcháir ar an Chomhairle Ealaíon go bhfuil foireann agus cairde na Cultúrlainne ag leanúint orthu ar a n-aistear dochreidte 30 bliain agus iad ag seoladh chlár an tsamhraidh ina bhfuil meascán d’imeachtaí ar líne agus d’imeachtaí os comhair lucht féachana beo nuair is féidir. Tugann an clár seo spreagadh cruthaitheach agus tógáil croí dúinn mar aon leis an ghealltanas go bhfuil laethanta geala amach romhainn.

 

 

Ta cóipeanna de chlár Lúnasa ar fáil anseo.