What are you looking for?

Clár Imbolc 2021 Chultúrlann McAdam Ó Fiaich seolta Clár il-ealaíon fíorúil do chách

Tá bliain aisteach, dhúshlánach imithe uainn agus ceiliúradh na Nollag faoi cheo na cuimhne, ach níor chóir go gcuirfeadh sé sin lagmhisneach orainn óir tá neart imeachtaí agus siamsaíochta fíorúla beartaithe againn le féile Imbolc a cheiliúradh agus le fáilte a chur roimh thús an Earraigh.

Tá clár imeachtaí fíorúla againn ar féidir leat sult a bhaint astu agus tú gafa sa teach, lena n-áirítear seisiúin cheoil, ciorcal léitheoireachta agus ranganna ealaíne do dhaoine óga. Beannaímid don Ghrian i ndiaidh an gheimhridh fhada dhorcha agus tá sé in am againn ár ndea-rúin a fhíorú, mar shampla filleadh ar ranganna Gaeilge, mar a gheall tú duit féin, nó triail a bhaint as ióga den chéad uair. Is cuma cén aois thú, tá rud éigin sa chlár seo duit.

 

Arsa Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:

 

“Ba thógáil croí iad grúpaí ealaíon agus cultúrtha ar nós na Cultúrlainne le linn na paindéime. Cuireann siad i gcuimhne dúinn go bhfuil níos mó i gceist leis na healaíona ná díreach caitheamh aimsire leis an am a chur isteach. Léiríonn siad go bhfuil an chruthaitheacht go fóill ar cheann de rudaí is mó a thugann misneach dúinn sna laethanta seo.”

 

Agus clár ilchineálach agus il-ealaíon ullmhaithe againn, déanaimid an féilire Ceilteach a cheiliúradh agus cuirfidh ceardlann Crosóga Bhríde tús oifigiúil le hImbolc. Tá ceolchoirm Imbolc le scoth an cheoil thraidisiúnta agus Dianchúrsa Gaeilge againn fosta. 

 

Dúirt Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir na Cultúrlainne:

“Is gearr go dtiocfaidh gile sa dúlaíocht agus an tEarrach ag druidim linn. Tá neart le ceiliúradh againn, Leabhra Feabhra, Lá Idirnáisiúnta na mBan agus Seachtain na Gaeilge san áireamh. Beidh taispeántas grianghrafadóireachta againn a léiríonn stair na Cultúrlainne agus beidh cuid de na healaíontóirí, ceoltóirí, scríbhneoirí agus tráchtairí is bisiúla i saol na Gaeilge linn le siamsaíocht agus ábhar machnaimh a sholáthar dúinn.”

 

Ta cóipeanna de chlár Imbolc ar fáil anseo.