What are you looking for?

Cuireann muid fáilte roimh aimsir na Bealtaine agus teacht na sióg agus tá neart imeachtaí agus siamsaíochta fíorúla beartaithe againn leis an fhéile a cheiliúradh agus le fáilte a chur roimh fhás, thorthúlacht agus an tséasúir.

Tá clár éagsúil imeachtaí fíorúla againn lena n-áirítear ‘Sáite i Macallaí’, taispeántas úrnua ónár n-ealaíontóir cónaitheach, Emma Berkery, seisiúin cheoil, ciorcal léitheoireachta, ceolchoirm na Bealtaine le plúr na gceoltóirí, acmhainní gníomhaíochta téamacha don aos óg, ranganna ealaíne do dhaoine óga agus níos mó. 

Is bliain mhór cheiliúrtha í 2021 do mhuintir agus do phobal na Cultúrlainne é i gcoitinne agus muid ag comóradh tríocha bliain ar an fhód don Chultúrlann. Chuige sin, seolfar an ceiliúradh go hoifigiúil, beidh taispeántas grianghrafadóireachta speisialta againn, ‘30 Bliain ag Fás’, agus cuirfear tús lenár sraith léachtaí nua, Sraith Léachtaí Shipboy McAdam. Is cuma cén aois thú nó cén leibhéal ábaltachta atá agat sa Ghaeilge, tá rud éigin sa chlár seo duit!

Arsa Edel Ní Chorráin, Leas-Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:

D’oscail Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a doirse don chéad uair sa bhliain 1991 agus feiceann muid anois, 30 bliain níos moille, torthaí an chinnidh sin. Tá na torthaí le feiceáil sa cheantar agus ar fud na cathrach. Beidh ócáidí ann leis an 30 bliain sin a cheiliúradh agus tabharfaidh sin deis dúinn cuimhneamh ar na céimeanna cróga a tógadh agus muid ag amharc chun tosaigh.

Dúirt Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir na Cultúrlainne:

Tá Bealtaine linn, an tréimhse is bisiúla i dtimthriall an dúlra. Tá an t-aos ealaíon agus lucht léinn atá ag cur siamsaíochta agus ranganna ar fáil dúinn le linn shéasúr an tsamhraidh i mbarr a réime fosta. Táimid ag dúil go mór le sibh a fheiceáil ag ár n-imeachtaí fíorúla ar líne agus le bualadh libh arís ar ais sa Chultúrlann roimh i bhfad.

 

Ta cóipeanna de chlár Imbolc ar fáil anseo.