What are you looking for?

Anois agus bliain aisteach chiotach ag druidim chun deiridh, is cinnte go bhfuil siamsaíocht agus cúis cheiliúrtha tuillte againn anois níos mó ná a bhí roimhe agus tá lúcháir orainn Fleadh Feirste a chur faoi bhur mbráid.

Tháinig eagraíochtaí laistigh den Cheathrú Ghaeltachta le chéile le clár imeachtaí
draíochta a chur ar fáil don phobal ó chian agus ó chóngar.

Tá éagsúlacht imeachtaí curtha le chéile againn lena n-áirítear lasadh shoilse na Nollag, mar a bhíonn ann gach bliain; amharclannaíocht na Nollag do na páistí (agus gach seans go mbeidh an fear mór sa chulaith dhearg ann fosta!), a bhuí le Brassneck Theatre, agus beidh plúr an cheoil sa Chultúrlann agus in Áras Uí Chonghaile.

Arsa Tony Devlin, Stiúrthóir, Brassneck Theatre Company: Tá Brassneck Theatre Company bródúil as a bheith páirteach i bhFleadh Feirste i mbliana. Is scannán galánta é ‘Rosie, Rudolph & an Ruaille Buaille’ agus ní thig linn fanacht é a roinnt leis an phobal!

Beidh rogha na litríochta againn a bhuí leis An tSnáthaid Mhór agus Máire Zepf agus beidh agallamh á chur ag Eoghan Ó Néill ar Phádraig Ó Mianáin, príomheagarthóir an Concise English-Irish Dictionary. Is léiriú í Fleadh Feirste ar dhíograis an phobail ildánaigh chruthaithigh atá thart orainn agus tá an pobal sin faoi anáil agus faoi chomaoin mhór i gcónaí ag na ceannródaithe a tháinig romhainn agus beidh sé seo le sonrú sna himeachtaí caomhnaithe oidhreachta atá sa chlár ar nós sheoladh ‘Claochlú Cultúir agus an Conradh’ de chuid Chonradh na Gaeilge agus ‘An Scéal go dtí Seo’ le hÁras Uí Chonghaile a insíonn scéal Uí Chonghaile agus an lorg buan a d’fhág sé.

Tá an Chultúrlann féin ag tarraingt ar bhliain mhór cheiliúrtha agus is cuí go mbeidh imeacht againn a cheiliúrann oidhreacht na Cultúrlainne, ‘Dá mBeadh Caint ag na Ballaí’, agus muid 30 bliain ar an fhód.

Dar le Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich: Tá lúcháir orainn gur tháinig grúpaí éagsúla le chéile leis an chlár ildánach, ilchineálach a chur faoi bhur mbráid. Is de thoradh an chomhoibrithe sin a d’éirigh linn clár imeachtaí fíorúil a chur le chéile a thugann léargas ar phobal fuinniúil, flúirseach, Gaelach na Ceathrún Gaeltachta agus na gceantar máguaird. Cé nach mbeidh muid ábalta bheith in éineacht a chéile mar a bheadh muid de ghnáth, bígí cinnte go mbeidh muid le chéile i spiorad agus an Cheathrú Ghaeltachta faoi sholas is faoi spiorad na Nollag le linn na Fleidhe le scoth na hamharclannaíochta, ceoil, plé, scéalaíochta agus ceardaíochta do pháistí agus d’aosaigh araon.


Dúirt Clíodhna Nic Bhránair, Oifigeach Forbartha, Arás Uí Chongaile: ‘Tá Áras Uí Chonghaile thar a bheith sásta a bheith páirteach i bhFleadh Feirste i mbliana. Tá réimse den scoth d’imeachtaí ar siúl agus beidh go leor craice ann leo! Bígí linn.’

Ta cóipeanna de chlár Fhleadh Feirste ar fáil uainn, agus ó na comhpháirtithe ar fad ar anseo.

Tuilleadh eolais: Bainisteoir Imeachtaí: bronagh@culturlann.ie,


Eagraítear Fleadh Feirste i gcomhar le comhpháirtithe eile lena n-áirítear: Áras Uí Chonghaile, Fáilte
Feirste Thiar, Brassneck Theatre Company, Conradh na Gaeilge, An tSnáthaid Mhór, An Ceathrú Póilí,
Aisling Ghéar, Raidió Fáilte.