What are you looking for?

Is cúis atháis é do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich Clár na Samhna a chur faoi bhráid an phobail le neart imeachtaí agus tograí nua ann agus muid i mbéal an Fhómhair agus tús ag teacht leis na hoícheanta dorcha de réir mar a éiríonn muid níos congaraí d’Fhéile na Samhna.

Beidh téarma nua ranganna Gaeilge do ghach leibheál ann chomh maith le ranganna féadoige stáin. Tá muid ag súil leis an tógra úr galánta don aos óg, Mo Cheol Thú le Myra Zepf agus Ceolfhoireann Uladh. Beidh sár léiriú filíochta le Ciara Ní É, file naisiúnta na Breataine Bige Ifor ap Glyn agus Pàdraig Mac Aoidh ag amharc ar mháthairtheanga sa chlár Bàrd, File, Bardd, a chraolfar ar chaineál YouTube agus Facebook ar Oíche Cultúir, Dé hAoine 18ú Meán Fómhair ag 8:30pm.

Tá lúchair orainn go mbeidh ár gcéad imeacht oidhreachta againn chun tús a chur le ceiliúradh 30 bliana na Cultúrlainne agus taispeántas ealaíne sepisialta á sheoladh againn, Bailiúchán na Cultúrlainne, i nDánlann Dillon ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Tá muid ag dreim go mór lenár gceathrú ceolchoirme fíorúla ina mbeidh céiliúradh á dheánamh ar an fhéile Samhna le plúr an cheoil thraidisiúnta a bhuí le Music in the Glen comh maith le scéalaíocht agus cleamaireacht le Cleamhairí Feirste. Déanfar an cheolchoirm a shruthú beo ar Facebook agus YouTube na Cultúrlainne dé hAoine an 30ú Deireadh Fómhair ag 8:30pm.  

Arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,

Tá neart le baint ón fhómhar seo le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is deis dúinn é seo an corp agus an t-anam a athnuachan tar éis imeachtaí bríomhara an tsamhraidh agus fonn orainn toiseacht amach ar aistear nua, cé acu a rachaidh tú ag foghlaim na Gaeilge, ag cumadh filíochta nó ar an aistear ceoil a bheas mar chuid den chomhfhiontar iontach atá á reáchtáil againn in éineacht le Myra Zepf agus Ceolfhoireann Uladh, ‘Mo Cheol Thú!’ Mar is nós linn, beidh neart imeachtaí tarraingteacha ann do gach aoisghrúpa gus muid muiníneach go mbeidh sibh ábalta bhur n-aistear pearsanta, pléisiúrtha féin a dhéanamh linn. Cé nach mbeidh muid faoi dhíon na Cultúrlainne féin i gcónaí, tá agus beidh muid le chéile i spiorad agus in anam.

 

Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann,

Ciallaíonn na meáin shóisialta gur féidir taitneamh a bhaint as na himeachtaí cruthaitheacha iontacha i gclár nua na Cultúrlainne, Is cuma cé acu i mBéal Feirste, i mBéal Átha Seanaidh nó sna hOileáin Bhailéaracha atá tú i do chónaí. Táimid anois ag roinnt ár gcultúr agus ár gcruthaitheacht le lucht féachana níos leithne agus níos éagsúla ná mar a shamhlófaí riamh. Ceann de na rudaí dearfacha a tháinig chun cinn le linn na paindéime uafásaí seo is ea freagairt na n-ealaíontóirí agus na n-eagraíochtaí ealaíon, a ghlac chucu féin réitigh dhigiteacha agus ar líne chun lucht féachana – sean agus nua - a mhealladh. Agus ní raibh tóir an phobail ar na healaíona chomh soiléir riamh.

Ní anseo ach blaiseadh ar ár n-imeachtaí agus is féidir tuilleadh imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí le sonraí sa chlár a fháil anseo:

Tuilleadh eolais:

Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí: bronagh@culturlann.ie

Fionnuala Ní Choise, Oifigeach Oideachais: fionnuala@culturlann.ie

Sinéad Nic Colaim, Oifigeach Oideachais Óige: sinead@culturlann.ie