What are you looking for?

D’imigh sin agus tháinig seo! Ag ceiliúradh 30 bliain Chultúrlann McAdam Ó Fiaich

Is ionad Gaeilge, ealaíon agus cultúir í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá lonnaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, i bhfoirgneamh ársa álainn a tógadh sa bhliain 1896. Bunaíodh an Chultúrlann beagnach 30 bliain ó shin agus tá muid ar thús cadhnaíochta i dtaobh athbheochan na Gaeilge sa chathair ó shin. Agus breis is 100,000 cuairteoir againn le linn 2019, is cúis mhór bhróid dúinn gur féidir saol iomlán trí Ghaeilge a bheith ag duine faoi scáth na Cultúrlainne.

 

 

Comhordaitheoir Tionscadail Páirtaimseartha, 20 Uair sa tseachtain

Tuarastal: £16,500 per annum (post dhá bhliain)

Freagrachtaí agus Dualgais

  • Plean an tionscadail, mar atá aontaithe leis an Heritage Lottery Fund, a sholáthar chun sástacht Choiste Stiúrtha an Tionscadail

  • Mionbhainistíocht a dhéanamh ar bhuiséad an tionscadail

  • Tuairiscí scríofa agus ó bhéal a sholáthar ag cruinnithe míosúla chun cumarsáid ábhartha a chinntiú le Coiste Stiúrtha an Tionscadail

  • Teagmháil leanúnach a choinneáil le hionadaithe ón Heritage Lottery Fund le dea-chaidreamh agus dea-chleachtas a chinntiú le linn an tionscadail

Féach an nasc thíos le haghaidh tuilleadh eolais ar an phost:

Cur síos poist 

Nó dean teagmháil le: Ciarán Mac Giolla Bhéin:

ciaran@culturlann.ie nó 02890 964182



Spriocdháta: 09/07/2020


Agallaimh: 22/07/2020 

Maoinithe ag Heritage Lottery Fund