What are you looking for?

‘Thugamar Féin an Samhradh Linn’ mar a deir an t-amhrán clúiteach!

Tá lúcháir ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ár gclár samhraidh a chur faoi bhráid an phobail le neart imeachtaí agus tograí ann agus muid ag druidim le Féile an Lúnasa. Beidh Scéim Samhraidh Aisling Óg ag titim amach, campa samhraidh fíorúil lán gníomhaíochtaí le scileanna cruthaitheach na ndaoine óga a chothú agus a fhorbairt. Tá muid ar bís bheith páirteach san fhéile is mó in Éirinn, Féile an Phobail, le seisiún ceoil le sárcheoltóirí Zoe Conway agus John McIntyre mar aon leis an tseoid Connallach Emma Ní Fhíoruisce gan trácht ar an oíche mhór ceoil mar fháiltiú chuig an fhéile Lúnasa beo ar líne Dé hAoine an 31 Iúil ag 8:30pm.

 Déanfar an cheolchoirm a shruthú beo ar Facebook agus YouTube na Cultúrlainne chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Ghaelach, Lúnasa, i gcuideachta réimse ceoltóirí iontacha ó fud fad na hÉireann agus ó Albain.

 

Beidh lúcháir orainn fosta go mbeidh  an fhéile ar an imeall, Liú Lúnasa ar ais i mbliana – ach ar líne i mbliana. Beidh dianchúrsa trí lá againn ar Zoom, ceolchoirm fhuinniúil, pléphainéal agus buaicphointe na féile an Slam Filíochta le duaiseanna den chéad scoth.

 

Arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,

 

Tá siamsaíocht as cuimse, arna soláthar ag tallann dhochreidte, ar fáil sa chlár seo, tallann atá fréamhaithe go domhain sa nádúr againn agus san fhéilire ársa Ceilteach. Tá ceolchoirm

spleodrach eile beartaithe againn do mhí Lúnasa, i gcomhar le Féile an Phobail. Tá an iliomad acmhainní curtha le chéile againn, dírithe ar na daoine beaga a choinneáil spreagtha, spraíúil le linn an tsamhraidh, agus a dhíríonn ar an ghrian agus ar an chruinne mhór thart orainn. I dtreo

dheireadh na míosa beidh ceiliúradh Liú Lúnasa againn agus rogha fhairsing imeachtaí beartaithe a bheirfeas uchtach agus pléisiúr do chách.

 

Dúirt Carál Ní Chuilín, Aire Pobal,

 

Tá sé feiliúnach mar sin go bhfuil An Chultúrlann, eagraíocht a bhfuil gradaim bainte amach aici, atá lonnaithe i gcroílár iarthar Bhéal Feirste agus atá mar choimeádaí teanga, cultúir agus ealaíona na Gaeilge, ag ceiliúradh Lúnasa leis an chlár spreagúil seo. Agus a leithéid de bhuanna atá ar fáil – ceol, litríocht, ealaín, ranganna Gaeilge agus eile. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol dúinn go léir le cúpla mí anuas mar gheall ar Phaindéim COVID-19, ach cé nach raibh na hionaid ealaíon agus chultúrtha in ann tionchar an víris seo a thuar, léirigh an Chultúrlann solúbthacht, dílseacht agus teacht aniar thar an ghnáth agus thaispeáin siad ní hamháin go raibh said in ann an víreas a láimhseáil, ach go raibh sé ar a gcumas feidhmiú, cé go bhfuil cúrsaí iomlán difriúil ón rud a bhfuil taithí againn air.

Ní seo ach blaiseadh ar ár n-imeachtaí samhraidh le tuilleadh imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí le sonraí sa chlár ar fáil le híoslódáil ó www.culturlann.ie

Cliceáil ar an nasc thíos don chláir.

Clár Lúnasa 2020