What are you looking for?

Moladh mór tuillte ag ealaíontóirí óga as ucht a gcuid pictiúr spleodrach

Moladh mór tuillte ag ealaíontóirí óga as ucht a gcuid pictiúr spleodrach

San am dúshlánach seo, do pháistí agus do dhaoine óga ach go háirithe, chuir sé gliondar ar chroí ‘An tSnáthaid Mhór’ agus na Cultúrlainne an oiread daoine óga a léirigh spéis sa chomórtas dathadóireachta agus a sheol pictiúir d’ardchaighdeán isteach chugainn. Rinneadh moltóireacht neamhspleách ar na pictiúir ar fad agus tá áthas orainn na buaiteoirí a fhógairt inniu.

 

Bhí an comórtas dathadóireachta bunaithe ar an leabhar agus áis iontach, Muireann & An Dianghlasáil, scríofa ag Malachy Doyle, maisitihe ag Andrew Whitson agus aistrithe ag Máire Zepf. Tá leagan Gaeilge, Béarla agus Breatnaise ar fáil anseo le híoslódáil saor in aisce www.antsnathaidmhor.com agus coinnígí súil amach don chéad leabhar eile sa tsraith, Muireann agus an Teach Solais, atá díreach foilsithe.

 

Ba iad na húdair ardiomrá Malachy Doyle agus Máire Zepf is an maisitheoir ardtallainne Andrew Whitson a rinne an mholtóireacht. Bhí na moltóirí an-tógtha le caighdeán na dathadóireachta agus tá aiseolas uathu ar fáil thíos.

 

Myra Zepf:

"A leithéid de thógáil croí dúinn uilig! Idir fhocail Malachy, phictiúir Andy agus, anois, dhathanna gleoite seo na bpáistí! Thaitin an tionscnamh agus an comórtas seo go mór mór liom – tá ardmholadh tuillte ag na healaíontóirí óga uilig a thug cúis áthais dúinn i rith na dianghlasála. Maith sibh!"

 

 

Andrew Whitson:

“Ábhar iontais agus sásaimh dom ardchaighdeán na cruthaitheachta a léiríodh sa chomórtas. Ar na hiontais sin, bhí léiriú uathúil ar Mhuireann, colláis, ní na lámh ó thaobh tíortha éagsúla de, agus dathanna geala beoga. San iomlán, ba léiriú iontach an comórtas ar bhuanna na bpáistí. Maith sibh uilig agus coinnígí oraibh ag cruthú!”

 

Malachy Doyle:

“An oiread sin iontrálacha ó achan chearn! An oiread sin tallainne! An oiread sin éagsúlachta! Maith sibh uilig – chuir sibh dath ar mo chuid focal, chuir sibh sonas i réim le linn dhianghlasáil Mhuirinne.”