What are you looking for?

PRÍOMHBHUAITEOIR CHOMÓRTAS GHLÓR NA NGAEL 2019

Tá bród agus lúcháir as cuimse ar fhoireann agus ar bhord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich inniu gur fógraíodh mar phríomhbhuaiteoir Chomórtas Ghlór na nGael 2019 muid.

 Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le foireann Ghlór na nGael as a chuid oibre i rith na bliana agus as an tacaíocht leanúnach a thugann siad dúinn agus do choistí Gaeilge fud fad na hÉireann.
Ár mbuíochas le baill foirne agus oibrithe deonacha, le baill an bhoird, lenár maoinitheoirí agus le pobal na Cultúrlainne trí chéile. Gan tacaíocht, díograis agus dílseacht s’acu ní bheadh muid in ann leanúint orainn le dea-obair an ionaid speisialta seo.
Tréaslaíonn muid roimh na coistí agus grúpaí Gaeilge fud fad na tíre atá ag déanamh éachtaí lá i ndiaidh lae leis an teanga a chur chun cinn.


Is ag seasamh ar ghualainn na bhfathach a tháinig romhainn atá muid agus mar sin, gabhann muid buíochas leis na glúnta Ghaeil a leag dúshraith d’achan rud a tháinig ina ndiaidh. Tá pobal Bhóthar Seoighe go háirithe ar intinn againn agus 50 bliain de Ghaeltacht uirbeach na cathrach seo á cheiliúradh againn.
Is an dream réabhlóideach céanna a bhí chun tosaigh le bunú Cultúrlann McAdam Ó Fiaich beagnach 30 bliain ó shin.

Beidh muid ag leanúint leis an cheiliúradh sin anois le pobal Bhéal Feirste anseo agus i bhfad i gcéin nó is mór an onóir seo atá bronnta ag Glór na nGael orainn. Ár mbuíochas libh!

 

 Seo spleachadh ar bhuaicphointí na bliana seo chuaigh thart.

Cé go bhfuil ár ndoirse dúnta faoi láthair, tá muid libh go fóill agus beidh go deo! Go raibh maith ag achan aon duine agaibh as ucht na tacaíochta agus as an spreagadh leanúnach a thugann sibh dúinn. Ar aghaidh linn!