What are you looking for?

Tá Clár an Fhómhair 2019 anois ar fáil le himeachtaí istigh ann do gach duine.

Is féidir an clár iomlán a léamh anseo.

Tá Clár an Fhómhair seolta ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo le héagsúlacht siamsaíochta.

Tá béim ar leith ar an dhrámaíocht i gClár an Fhómhair i mbliana le trí dhráma le bheith ar ardán Amharclann Mhic Cionnaith sna míosa amach romhainn.

Beidh ‘Spliced ann ar 29ú agus 30ú Deireadh Fómhair mar chuid d’Fhéile Ealaíne Bhéal Feirste.  Tá féiniúlacht, an CLG agus féiniúlacht faoi chaibidil ag aisteoir Timmy Creed sa seó aonair seo. 

Beidh Medea le Euripides linn ó chompántas amharclainne Splódar. Is é Medea an dráma is mó cáil de na seanchlasaicí Gréagacha agus coimhlint clainne mar théama dó. An dráma seo léirithe as Gaeilge, is í an t-aisteoir mór le rá Tara Breathnach a bheith i ról Medea.  

Ansin, is cúis mhór áthais don Chultúrlann go bhfuil scéal maidir le Gaeltacht Bhóthar Seoighe le léiriú ag deireadh mí na Samhna. Ag déanamh comóradh ar chaoga bliain ó a bunaíodh an chéad Ghaelscoil in iarthar na cathrach, léireoidh ‘Is Iomaí Rud a Tharla’, dráma úr léirithe ag Aisling Ghéar agus scríofa ag Nuala Ní Néill, scéal na ndaoine a leag na bunchlocha don phobal Gaelach bríomhar atá againn sa chathair inniu.

I measc na ranganna ar an chlár foghlama fad-saoil anseo, tá ranganna Gaeilge atá ag toiseacht ar ais ar an 11 Meán Fómhair, ranganna ióga dátheangach, rang do phinsinéirí ‘Na Saoithe gan Locht,’ agus cúrsa cultúrtha úr le Diarmuid Breslin dár teideal ‘Oscail an Doras.’

Do Beidh Na Bopóga, Scoil Drámaíochta Aisling Óg, Babaithe Cultúir agus Cumann Óige na bhFál faoi lán seoil arís mar aon le ceardlann ealaíne do pháistí agus siamsaíocht teaghlaigh ar Oíche Shamhna.

I measc na dtaispeántas ealaíne álainn atá le bheith againn sna míonna amach anseo, beidh taispeántas a mbíonn ár gcroí istigh ann i gcónaí, is é sin taispeántas ealaíne bliantúil dhaltaí Choláiste Feirste.

Ábhar mór spreagtha dúinn Scoil Cheoil na Cultúrlainne, atá le toiseacht don chéad uair i mí Dheireadh Fómhair, agus a chuirfidh deis eile ar fáil do dhaoine óga an cheantair iad féin a thumadh i gcultúr na nGael.

Is cinnte go mbeidh rud éigin ann do chách sa chlár dhraíochtúil, chuimsitheach seo agus tá súil againn go mbeidh tú linn. Tá cóipeanna de Chlár an Fhómhair ar fáil ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, nó is féidir gach eolas a fháil maidir leis na himeachtaí atá ag teacht aníos a fheiceáil i rannóg na n-imeachtaí anseo.