What are you looking for?

Ba mhaith le gach duine i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Séamus agus Seán Mac Seáin.

Bhí baint nach beag acu le forbairt phobal na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste go háirithe agus níos faide i gcéin chomh maith. Tá ainm na beirte, taobh le daoine iontacha eile, luaite le bunú tionscadail phobail ar nós Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus Choláiste Feirste.

Tá bunú Ghaeltacht Bhóthair Seoighe ar cheann de bhuaicphoint forbartha na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste. Tá sé tráthúil go bhfuil pobal bunaithe na Gaeltachta sin ag ceiliúradh 50 bliain i mbliana, 2019, agus na deartháireacha Mhic Sheáin gafa lena bunú. Faoi 1969 bhí cúig theach tógtha agus diaidh ar ndiaidh tógadh 31 teach. D’fhás pobal breá Gaeilge as na teaghlaigh a tógadh sna tithe sin. I mí Meán Fómhair 1971, ag éirí as bunú na Gaeltachta, cuireadh tús le “Bunscoil Ghaeilge Bhéal Feirste” mar a tugadh uirthi ag an am (nó Bunscoil Phobal Feirste mar atá uirthi anois) agus níos moille anonn Coláiste Feirste (nó Meánscoil Feirste mar a bhí uirthi) a bhí mar shíol do bhunú Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich.

Déanann bord, foireann agus cairde Chultúrlann McAdam Ó Fiaich comhghairdeas ó chroí le Séamus agus le Seán, agus gabhaimid buíochas ollmhór leo as an obair atá déanta acu do phobal na Gaeilge.

Séamus agus Seán Mac Seáin