What are you looking for?

Babaithe Cultúir ag teacht ar ais don Chultúrlann

Tá Babaithe Cultúir ag teacht ar ais do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich do théarma eile, ag toiseacht 07/05/2019.

Bígí linn le haghaidh sraithe nua de Bhabaithe Cultúir, réimse d'eispéiris idirghníomhacha chruthaitheacha a chuireann le samhlaíocht na bpáistí óga trí dheiseanna a thabhairt dóibh triail a bhaint as rudaí nua.  Bíonn saoirse acu prácás a dhéanamh lena gcuid ealaíne agus a gcuid scileanna cruthaitheacha a fhiosrú i spás sábháilte, fáilteach Gaelach. 

Cuireann Babaithe Cultúir, atá oiriúnach do pháistí idir 0 - 4 bhliain d'aois, le féin-mhuinín an duine óig, chomh maith leis na scileanna idirphearsanta agus teicniúla atá acu.  Bealach iontach atá ann le tréimhse a chaitheamh le do pháiste. 

Cé go mbíonn an seisiún trí mheán na Gaeilge, tá fáilte roimh gach duine, cibé cumas teanga atá agat.