What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 21 Meith 2025
Am: 18:00 - 20:00
Costas: £10

Bígí linn do oíche Ealaíne agus Gaeilge, chun rud réchúiseach, spraíúil, lán le craic agus chun rud éigin difriúil a dhéanamh! Ar feadh dhá uair an chloig, tabharfaidh mise (Tuathan!) treoir éasca céim ar chéim chun pictiúr a phéinteáil. Agus muid ag dul dó, foghlaimímid frásaí simplí i nGaeilge (canúint Uladh, ar ndóigh). Ní rang teanga é seo, níl aon brú ann, ach deis cúpla focal a úsáid go nádúrtha agus tú ag cruthú.

Le linn an tseisiúin beidh muid ag déanamh pictiúr le chéile níl de dhíth, ach muinín a bheith páirteach. Beidh am againn le comhrá éadrom, gáire, agus súimín nó dhó más maith leat más mian leat!

Beidh gach rud curtha ar fáil duit: Péinteanna, scuaba & canbhás. Níl le glacadh leat ach tú féin. Gléas go compordach (agus do chuid éadaí nár mhiste splanc péint orthu!) Téigh abhaile le do phictiúr féin agus le cúpla focal!