What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Domh 10 Lún 2025
Am: 19:30
Costas: £20

Is grúpa cairde iad ‘The Half Room’ a bhfuil a gcroí istigh sa cheol tíre agus san amhránaíocht. Thosaigh siad a theacht le chéile ar bhonn seachtainiúil chun amhráin a roinnt agus tá siad i ndiaidh forbairt le bheith ina bhanna nua, réidh chun a gcéad albam féin-teidealta a eisiúint. Cé nach bhfuil an banna ar a mboinn ach le tamall gairid, is amhránaithe iad a bhfuil ardmheas orthu agus a bhfuil a dtaithí féin faighte acu as a stuaim féin. Tá guth corraitheach an amhránaí cháiliúla Pauline Scanlon as Daingean Uí Chúis san ensemble, le cois saibhreas síodúil an amhránaí is scríbhneora Nicola Joyce ón tríréad cáiliúil ‘The Whileaways’ as contae na Gaillimhe. Mar mhalairt air sin, léiríonn meascán armónach ‘The Half Room’ ceol fíor-nádúrtha tíriúil na n-amhránaithe Eoin Wynne agus Fabian Joyce.

Le cóirithe íostacha giotáir agus tionlacan timpeallach caolchúiseach, léiríonn ‘The Half Room’ ceol tíre ina fhoirm is loime, ag cinntiú go bhfanann an aird go daingean ar an amhrán agus ar an amhránaí. Agus iad ag aistriú ó láithreacha catha Fhlóndras go dtí na farraigí stoirmeacha amach ó Liospóin, líonann amhránaithe