What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 8 Beal 2025
Am: 19:00in
Costas: Saor in aisce

Taispeántas Margaret Anne Suggs

 

Is sraith ‘leabhar pictiúr’ trialach é ‘Níl aon Tinteán mar do Thinteán Féin’ bunaithe ar an téama ‘BAILE’ a chuimsíonn 5 theach éan maisithe. Is píosa ‘I lár báire’ gach ceann acu a úsáideann díonta, bunanna agus an taobh istigh don scéalaíocht. Bhí an t-ealaíontóir ag iarraidh scéalta ‘baile’ a léiriú, ach chruthaigh sí an saothar seo i bhformáid 3 thoiseach, sa dóigh go n-aibhsíonn gach píosa críochnaithe gné eile atá le cíoradh: cruth. Léiríonn na tithe éan smaointe a bhaineann leis an imirce, an muintearas agus nádúr neamhbhuan na dídine. Arsa Margaret Anne faoina saothar, “Dúshlán a bhí ann mo shaothar a chur i láthair trí fhocail, íomhánna agus cruth a dhaingníonn an coincheap. Ba mhaith liom go mothódh an lucht féachana dóchas.” Cé go bhfuil Margaret Anne ina cónaí in Éirinn, is inimirceach agus bá aici i gcónaí le teifigh, le himircigh agus le fánaithe.. Cuirtear an taispeántas seo i láthair ar bhealach tochtmhar íogair atá fóirsteanach don teaghlach ar fad.

Beathaisnéis –

 

Is maisitheoir agus údar í Margaret Anne Suggs. Ainmníodh a leabhar is déanaí, The Dandelion’s Tale – An Allegory of Migration (Graffeg) don ghradam mór le rá Yoto Carnegie Medal in Illustration.

 I measc na leabhair eile atá maisithe ag Margaret Anne, tá The Moth & The Moon (Beehive Books), an tsraith shárdhíola ‘Pigín of Howth’ le Kathleen Watkins (Gill Books), agus ‘Holy Shocking Saints’ le Síne Quinn (Veritas).

 Is Stiúrthóir Maisitheoirí do Illustrators Ireland í Margaret Anne agus Riarthóir an Silent Book Collections do IBBY Ireland. Tá sí ina ball den Ghiúiré Idirnáisiúnta do Ghradaim Hans Christian Andersen, 2026. Tá cartlann de shaothar léaráidí Margaret Anne anois ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.