What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 1 Aib 2023
Am: 1:00pm
Costas: Saorchead

Bí linn do sheoladh ‘Béal na Péiste’, úrscéal nua le Fionntán de Brún. Tá an gradam iomráiteach, Gradam Úrscéalaíochta an
Oireachtais buaite ag an tOllamh Fionntán de Brún as a úrscéal Béal na Péiste. Tá seo ar an ghradam is airde do shaothar Gaeilge.

Maidir leis an tOllamh Fionntán de Brún

Ceapadh Fionntan de Brún ina Ollamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad i Meán Fómhair 2017. Roimhe sin bhí sé ina Léachtóir Sinsearach in Ollscoil Uladh (2006- 17) agus i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste (1998-2006). Bhain sé céim amach sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis in Ollscoil na Banríona (1992) agus bhronn an ollscoil chéanna PhD air in 2002. D’fhoilsigh an Clóchomhar a thráchtas dochtúireachta sa bhliain chéanna faoin teideal Seosamh Mac Grianna - an Mhéin Rúin. Rugadh agus tógadh i mBéal Feirste é agus is iardhalta de chuid Choláiste Maolmhaodhóg é.