What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 30 Meith 2023
Am:

CLÁR NA FÉILE BEALTAINE
 
Tá muid ag cur fáilte mhór roimh aimsir na Bealtaine. Tá na laethanta ag iarraidh níos faide agus tá lúcháir orainn a rá go mbeidh neart imeachtaí agus siamsaíochta beartaithe againn leis an fhéile a cheiliúradh agus le fáilte a chur roimh fhás, roimh thorthúlacht agus roimh an tséasúir.
 
Cuirfear tús iontach le clár Bealtaine na bliana seo le seoladh ‘Béal na Péiste’, úrscéal nua leis an Ollamh Fionntán de Brún a bhuaigh an gradam iomráiteach Gradam Úrscéalaíochta an Oireachtais sa bhliain 2022. Maidir leis an aos óg, i measc na n-imeachtaí a chuirfear ar fáil dóibh beidh Na Bopóga, Cumann Óige na bhFál, Airneál na nÓg agus scoil drámaíochta na Cultúrlainne, Aisling Óg – gan trácht ar ARTiculate |‘Focail Fhiáine’ (Wild Words), clár nua do dhaoine óga a bhaineann le scríbhneoireacht chruthaitheach agus le folláine agus a bhfuiltear ag súil go mór leis. Ag an am seo den bhliain, is tráthúil dúinn fáilte a chur roimh na sióga agus beidh Gráinne Holland agus a cairde ag déanamh ceiliúradh ar áilleacht agus ar iontais an nádúir thart orainn. Do dhaoine eile, beidh meascán de ranganna nua lena n-áireofar ranganna Gaeilge, ranganna ióga agus ranganna ceoil. Ar a bharr sin, beidh ceolchoirm leis na Jeremiahs, taispeántais áille nua agus go leor, leor eile! Mar sin féin, níl anseo ach blaiseadh beag ar a bhfuil le fáil againn. Bígí cinnte go n-amharcfaidh sibh ar an chlár imeachtaí ina iomláine!
 
Arsa Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon an Tuaiscirt
 
Tá go leor i gClár na Bealtaine a mbainfidh gach duine taitneamh as, cuma cén aois thú nó cén spéis atá agat – taispeántais nua, lena n-áirítear céad taispeántas gairmiúil bhuaiteoir Ghradam Dillon, Tomas Monteiro; scoth an cheoil thraidisiúnta leis Na Jeremiahs, grúpa de na grúpaí ceoil is spreagúla le teacht chun cinn in Éirinn le blianta beaga anuas; agus athléiriú Chompántas Amharclainne Bruiser den chlasaic nua-aimseartha ‘Mojo Mickeybo’, léiriú den scoth a bhain ‘Best Ensemble’ ag Gradaim Amharclainne an Irish Times, 2022.
 
Mar phríomh-mhaoinitheoir trí chistí an Chrannchuir Náisiúnta, tá bród ar an Chomhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus í ag leanúint ar aghaidh ag spreagadh, ag soláthar siamsa agus ag tógáil chroíthe an phobail trí na healaíona.
 
Dúirt Gráinne Ní Ghilín - Stiúrthóir na Cultúrlainne
 
Mol an óige agus tiocfaidh sí! Bhí sé mar aidhm riamh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich deiseanna fostaíochta agus cruthaitheachta a chur ar fáil go háirithe don mhuintir óga. De réir mar a théann na blianta thart, bíonn torthaí na hoibre atá déanta le breis agus 30 bliain anuas le feiceáil.
Iardhalta de chuid Choláiste Feirste í Caoimhe Ní Ruanaidh, an Cúntóir Adharcealaíon s’againn. Agus í ar scoil bhí saothar léi i dtaispeántas Choláiste Feirste anseo. Anois is í Caoimhe atá ag reáchtáil na dtaispeántas uilig i nDánlann Dillon agus sna Ballaí Bána.
 
Nótaí 
Is ionad Gaeilge agus ealaíon é Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Bíonn clár imeachtaí bríomhar ag an Chultúrlann gach séasúr a chuimsíonn drámaíocht, ceol, imeachtaí óige agus imeachtaí pobail agus teaghlaigh. 
Faigheann Cultúrlann McAdam Ó Fiaich maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, an Roinn Pobal, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta, Ciste Infheistíochta na Gaeilge agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. 

Clár Iomlán Anseo