Dáta: Sath 13 Beal 2023 |
Am: 2:00pm |
Costas: £12 |
Bí linn do cheolchoirm ghalánta le fáilte a chur roimh aimsir na Bealtaine ina ndéanfar ceiliúradh sa cheol ar áilleacht agus ar iontais an nádúir le Gráinne Holland agus a cairde. Déanfar sibh a mhealladh isteach i ndomhan mhistéirigh an ulchabháin agus é faoileoireacht sa dorchadas ag coimhéad ar an luchóg bheag atá ag bocléim agus ag rith faoi sholas na lánghealaí. Cluinfear fuaim na habhann sa cheol agus leanfaidh muid a turas óna tús mar shruthán beag sléibhe, folcadán na n-éan, agus mar a shníomhann sí ansin fríd an choill, áit a mbíonn bradáin mhóra ina léim le háthas, go dtí go mbuaileann sí leis an fharraige mhór, áit a mbíonn na corra réisc ocracha ag fanacht le breith ar a lón. Féach na beacha agus na féileacáin agus iad ag cleitearnach agus ag drantán i measc na mbláthanna agus iad ag cruinniú neachtair; agus na hioraí rua ag bailiú stór de chnónna agus de shíolta ó urlár na coille. Cairde de chuid na sióg iad uilig. Má amharcann tú go cúramach, b’fhéidir go bhfeicfidh tú sióg ag marcaíocht ar dhroim faoileáin os cionn na farraige, nó sióg eile ar dhroim na deilfe agus é ag léim go háthasach sna tonnta móra. Domhan draíochtach an nádúir!