What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 25 Feabh 2023
Am: 7:30pm
Costas: £15

25|02|23 7:30pm £15 - BYO

s ceoltóirí traidisiúnta óga iad Anna, Sheila agus Clare a rugadh agus a tógadh i nGlaschú, Albain agus a bhfuil a bhfréamhacha teaghlaigh go domhain i nGaeltacht Thír Conaill, in Iarthuaisceart na hÉireann. Seinneann siad meascán de cheol agus amhráin, idir Bhéarla agus Ghaeilge, fite fuaite leis. Tig cuid mhaith acu óna stór ceoil teaghlaigh féin. Mar shiblíní, réitíonn siad go dlúth lena cheile ar an fhidil, ar an fheadóg mhór agus ar na píoba. Tá dhá albam an-rathúil curtha amach acu go dtí seo agus sheinn siad ar fud an domhain in ionaid éagsúla agus ag féilte éagsúla agus bhí siad ar an ardán agus rinne siad camchuairteanna le leithéidí Altan, The Chieftains, Lúnasa, Sharon Shannon, The Máirtín O’Connor Trio, Cherish the Ladies agus Solas. Tá an iliomad duaiseanna agus comórtais iomráiteacha buaite acu thar na blianta. Ar na mallaibh, bronnadh go leor onóracha ar Clare agus í ainmnithe mar Cheoltóir Óg na Bliana ag TG4. In éineacht leis na Friel Sisters, beidh Marty Barry, giotáraí agus amhránaí as Droichead na Banna, Contae an Dúin, agus Cathal Ó Curráin, seinnteoir basúcaí agus amhránaí as Gaoth Dobhair, áit dúchais na gcailíní i dTír Chonaill, a bhuaigh Best Emerging Artist i 2022 ag Gradaim Cheol Traidisiúnta RTÉ i mBaile Átha Cliath.

 

Is cumadóir bisiúil é Michael Rooney atá aitheanta mar dhuine de na seinnteoirí is fearr ar an chruit Ghaelach thraidisiúnta. Bronnadh an duais Cumadóir na Bliana de chuid TG4 ar Michael i 2017. De bhunadh Bhaile an Scotaigh, Contae Mhuineacháin ó dhúchas agus é ina chónaí i gContae Shligigh le tamall de bhlianta anois, tá 17 sraith ceoil cumtha ag Michael le fiche bliain anuas, lena n-áirítear The Ulster Suite (2022), Clairseoireacht (2022), Constance (2020), The Famine Suite (2019) agus go leor eile.