What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 1 Meith 2023
Dáta: 2 Déar 27 Iúil 2023
Am: Seoladh: 01|06|23 7:00in
Costas: Saorchead

Ealaíontóir a oibríonn le ceirmigh is ea Tomas Monteiro, atá lonnaithe i mBéal Feirste. Scrúdaíonn a shaothar a thaithí phearsanta agus a fhéiniúlacht mar dhuine aiteach. Amharcann sé ar a chuid oibre mar thaithí shincréatach ar a shaol agus mar léiriú ar na hábhair sin a bhfuil spéis aige iontu. Oibríonn sé le próisis mhúnlóireachta, taibhithe, dealbhóireachta agus suiteála agus tá a chleachtas bunaithe ar an cheirmeacht. Scrúdaíonn a shaothar is déanaí taithí an ealaíontóra óig aitigh atá ag déanamh féinmhachnamh ar a chuid smaointe maidir leis an saol aiteach sin, agus, ag an am céanna, ag iarraidh ciall a bhaint as eispéiris thrámacha a d’fhualaing sé agus é ina dhuine óg aiteach, lena n-áirítear mí-úsáid mheabhrach, fhisiciúil agus ghnéis.

 

Beathaisnéis don Taispeántas  

 

Scrúdaíonn an taispeántas seo téamaí a bhaineann le ceangail i gcomhthéacs na hintinne agus an tsaoil aitigh agus na gnéasachta. Trí úsáid na criadóireachta, cíorann an taispeántas gnéasacht agus grá tríd an lionsa aiteach, agus ceistíonn sé an dóigh a gcruthaíonn daoine aiteacha  a dteaghlach tofa agus an dóigh a gcaitheann siad a saol leo. Ag croílár an taispeántais seo tá an smaoineamh go gcruthaíonn eispéiris naisc idirphearsanta agus go ndéantar slabhra de na naisc sin; agus de réir mar a éiríonn an slabhra níos mó cruthaítear laigí ann.

 

“Nuair a thosaigh mé ag ullmhú don taispeántas seo, chonacthas dom gur mhian liom go léireodh sé m’intinn agus an dóigh a nascann agus a roghnaíonn muid ár dteaghlaigh féin agus a gcruthaíonn muid naisc. Trí cheirmeacha, fuaim agus eilimintí den chleachtas idirdhisciplíneach, d’éirigh liom an taispeántas seo a chruthú chun eispéiris dhifriúla daoine aiteacha a léiriú agus iad ag coinneáil leo agus ag nascadh lena chéile trí scéalta agus eispéiris éagsúla.” -Tomas Montiero