What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Déar 1 Meith 2023
Dáta: 2 Déar 27 Iúil 2023
Am: Seoladh: 01|06|23 | 7:00in
Costas: Saorchead

An gciallaíonn an focal HOMING (a) teach a thógáil (briathar) nó (b) an mbaineann sé le diúracán atá dírithe go docht ar thargaid (aidiacht) – agus sa chás sin d’fhéadfadh sé a bheith mar bhealach le teach a mhilleadh nó a scriosadh? Féachann na grianghraif sa chéad seó aonair de chuid Lane Shipsey, HOMING, leis na ceisteanna thuas a fhreagairt agus í ag amharc ar bhealach sainiúil, pearsanta agus, in amanna, greannmhar ar an bhaile, ar neadú agus ar an dóigh a smaoiníonn muid ar an bhaile. Na grianghraif seo a tógadh ar thuras, tairgeann siad turas don lucht féachana. Agus cruthaíonn siad ceisteanna eile ar an bhealach … Cad é a chiallaíonn ‘bheith ar do shuaimhneas’? Agus cad é a mhothaíonn muid má tá an baile agus an áit ina bhfuil muid inár gcónaí an-éagsúil lena chéile? Folaíonn grá gráin – an é sin réiteach na ceiste? Goitse go bhfeicfidh tú an seó, agus scríobh líne i leabhar nótaí HOMING le do fhreagra(í).

In amanna in ‘Abhaile | Homing’ bíonn tionchar na n-íomhánna greannmhar, in amanna eile, d’fhéadfadh an tionchar sin bheith gruama. An raibh tú ag súil go mbeadh siad greannmhar nó gruama?

Lane Shipsey: “ Ní raibh plean i gceist agam. Tá go leor de na híomhánna pearsanta agam féin. B’éigean dom aistriú tí a dhéanamh roinnt uaireanta, agus bhí mé ag iarraidh áit chónaithe a aimsiú – mar is éigean do go leor daoine. Ina dhiaidh sin, bhí tionchar ag na srianta ar an obair: Covid ar dtús, ansin tinneas. Ar bhealach bhí tionchar ag na nithe sin go léir ar chruthú an taispeántais.” 

Cárbh as do na híomhánna in ‘Abhaile | Homing?

LS: Áiteanna ina raibh mé i mo chónaí nó ag stopadh ar feadh tamaill. Port Láirge, Corcaigh, Ciarraí. Agus Aontroim. Chaith mé seal ansin. Thaitin sé go mór liom - na sléibhte, agus an radharc a bhí agam ar Albain trasna na farraige. Dar liom go n-aithneoidh muintir Bhéal Feirste pictiúir Aontroma faoi mhíle uathu, fiú go mbeidh siad ábalta ainmneacha a chur leis na sléibhte. Tá mé ag súil le dul ar ais agus tuilleadh oibre a dhéanamh in Aontroim.

Féinaisnéis: Tógadh na grianghraif i bPoblacht na hÉireann, i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain. Scríobhann Lane neamhfhicsean agus gearrscéalta chomh maith.