What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Domh 4 Noll 2022
Am:

FLEADH FEIRSTE

 

 

Rinnneadh Fleadh Feirste a sheoladh go hoifigiúil sa Chultúrlann Dé hAoine 18 Samhain i gcuideachta Ardmhéara Bhéal Feirste Tina Black, Gilly Campbell, Stiúrthóir um Fhorbairt Ealaíona, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, daltaí gaelscoileanna agus ionadaithe ó achan eagras a d’oibrigh ar an chlár seo.

 

Mar a dúirt an Coiste Eagrúcháin: “Is fleadh faoi leith í Fleadh Feirste a léiríonn bunluachanna an phobail Ghaelaigh in iarthar na cathrach, mar atá, an chomhpháirtíocht, an chomhbhá agus an chomhghuaillíocht.” Is fleadh fhíorspeisialta í seo agus tá muid thar a bheith bródúil as an phobal s’againn agus as an chlár seo.

 

I measc na n-imeachtaí a bheas ag tarlú sna heagrais éagsúla, beidh ‘Ard-Sheis na Ceathrún Gaeltachta’, imeacht sa Chultúrlann ina bpléifear na buanna go léir a bhain lucht na Gaeilge amach sa bhliain ar leith seo; Ceolchoirm le Andy Irvine in Áras Uí Chonghaile; geamaireacht, ‘Luathríona agus Pósadh an Phrionsa’, leagan úr den tseanscéal scríofa ag Seán Ó Muireagáin; Ollchiorcal Comhrá i gCumann Chluain Árd; seoltaí leabhar; craoladh beo agus moragallaimh le Raidió Fáilte; seoladh albaim le Clare Sands, agus neart, neart eile.

 

Gilly Campbell, Stiúrthóir um Fhorbairt Ealaíona, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann:

“Is í Fleadh Feirste an tógáil croí atá de dhíth orainn agus muid ag druidim leis an Nollaig. An clár féiltiúil, a chuimsíonn seónna, taispeántais agus imeachtaí a bheas ina n-ardú meanman dúinn uilig, cuireann sé críoch le scoth na bliana eile ealaíonta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is í an Chomhairle Ealaíon príomh-mhaoinitheoir na Cultúrlainne, fríd chiste an Chrannchuir Naisiúnta, agus tá muid bródúil as ár dtacaíocht fhadtéarmach don sár-ionad ealaíon agus cultúir seo a chothaíonn cruthaitheacht shaibhir i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.”

 

Tina Black, Ardmhéara Bhéal Feirste:

 

“Is pléisiúr mór dom Fleadh Feirste 2022, féile bhliantúil na Ceathrún Gaeltachta, a sheoladh. Tugann sé deis iontach dúinn dul i ngleic leis an Ghaeilge fríd an cheol thraidisiúnta, an ealaín agus an fhilíocht. Tá an chomhpháirtíocht agus an comhoibriú ríshoiléir sa chlár agus léiríonn sé ildánacht agus cruthaitheacht phobal na Gaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta agus is breá liom go bhfuil deis ann do gach aoisghrúpa bheith páirteach ann agus sult a bhaint as. Ó Luaithríona agus Pósadh an Phrionsa, athinsint ar Luaithríona don 21ú aois, go seoladh stiúideo taifeadta Raidió Fáilte, seisiúin cheoil thraidisiúnta sa Chultúrlann ag am loin gach lá, léacht agus dinnéar bliantúil Fhoirbairt Feirste agus Lá Teaghlaigh na Cultúrlainne le pluais Dhaidí na Nollag, is cóisir cheart don tséasúr í.”

 

Tá cóipeanna de chlár Fhleadh Feirste ar fáil uainn, ó na pairtnéirí ar fad agus anseo.

 

Tuilleadh eolais:

Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí: bronagh@culturlann.ie

 

 

Nótaí:

 

Eagraítear Fleadh Feirste i gcomhar le pairtnéirí eile: Áras Uí Chonghaile, Forbairt Feirste, Fáilte Feirste Thiar, Glór na Móna, Conradh na Gaeilge, An tSnáthaid Mhór, An Ceathrú Póilí, Ionad Uíbh Eachach, Fís an Phobail, Raidió Fáilte agus Aisling Ghéar.

 

Faigheann Cultúrlann McAdam Ó Fiaich maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, an Roinn Pobal, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Ciste Oidhreachta an Chrannchuir Náisiúnta agus ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil fúinn ar shuíomh na Cultúrlainne, www.culturlann.ie