What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 2 Aib 2022
Am: 13:00
Costas: Saorchead

Is de smior na Gaeilge í an fhilíocht. Ó ‘Pangur Bán’ ar aghaidh, téann an fhilíocht agus an chaint fhileata ó chnámh go smior agus ó smior go smúsach i gcultúr, i stair agus i dtraidisiún na Gaeilge. Nuair a théann cúis na hÉireann agus ceisteanna faoin tír agus faoin náisiúnachas go cnámh na huillinne, is minic an litríocht ina treoir agus ina slat tomhais. Díolaim is ea í seo ina rianaítear stair na hÉireann ó theacht na Críostaíochta go dtí ré Covid 19 tríd an bhfilíocht agus tríd an amhránaíocht. Sna dánta seo, cloistear arís agus arís eile guth an ealaíontóra ag freagairt go hionraic, go samhailteach agus go macánta do cheisteanna agus do coimhlintí móra an tsaoil, bíodh na ceisteanna sin ag boilgearnach go háitiúil nó ag borradh aníos go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.