What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 30 Noll 2022
Am:

Thug muid an samhradh linn agus anois tá teacht an fhómhair buailte linn. Beidh neart ar siúl anseo sa Chultúrlann agus chuir muid tús le himeachtaí na Samhna le léiriú ceoil úr nua le Johnny Óg Connolly, boscadóir agus cumadóir den chéad scoth as Indreabhán. Beidh taispeántas speisialta againn le daltaí Choláiste Feirste agus beidh scoth na dramaíochta againn fosta. Tá clú ar Naoise Ó Cairealláin mar Mhóglaí Bap sa ghrúpa Kneecap. Beidh a sheó aonair faoi chearrbhachas gan srian, Minimal Human Contact, ar siúl sé oíche mar chuid de Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Bhéal Feirste, agus beidh an Júcbhosca Filíochta ar ais fosta le dánta i dtrí theanga.
 
Tá clár imeachtaí fíor-thaitneamhach againn lena n-áirítear seisiúin cheoil, seoltaí leabhar agus ealaíne, ceolchoirmeacha, ciorcal léitheoireachta, drámaí agus níos mó. Is cúis áthais é neart imeachtaí agus tograí nua a chur faoi bhur mbráid agus muid i mbéal an Fhómhair, mar shampla filleadh ar ranganna Gaeilge, nó triail a bhaint as ióga den chéad uair. Tá muid ar bís go mbeidh páistí óga anseo sa Chultúrlann ag déanamh forbairt ar a gcuid scileanna cruthaitheacha inár scoil drámaíochta, Aisling Óg agus ranganna ceoil le hAirneál na n-Óg. Chomh maith leis sin, beidh sraith nua de na Bopóga do na babaithe agus na tachráin óga, agus beidh amhránaíocht, ealaíon agus scéalaíocht ann.Is cuma cén aois thú, tá rud éigin sa chlár seo duit.

Arsa Gráinne Ní Ghilín, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,San aimsir seo, agus brú ar dhaoine
mar gheall ar chúinsí nach bhfuil mórán smachta againn orthu, tá súil againn go mbeidh tógáil croí le baint ag gach duine as Clár na Samhna i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus go n-aimseoidh sibh áit theolaí anseo le cairdeas agus cuideachta a dhéanamh i rith an fhómhair.
 
Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann,  Anseo, i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste, tá comhpháirtíochtaí curtha ar bun ag an mhol bhríomhar chruthaitheach seo le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon sa chóngar, agus cuireann sé seo le deiseanna níos fearr le daoine agus pobail a thabhairt le chéile chun taitneamh a bhaint as níos mó ealaíne den scoth.
 
Tuilleadh eolais: bronagh@culturlann.ie 
 
Nótaí:
Is ionad Gaeilge agus ealaíon é Cultúrlann McAdam Ó Fiaich atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál. Bíonn clár imeachtaí bríomhar ag an Chultúrlann gach séasúr a chuimsíonn drámaíocht, ceol, imeachtaí óige agus imeachtaí pobail agus teaghlaigh.