What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: 1 Céad 10 Lún 2022
Dáta: 2 Déar 11 Lún 2022
Dáta: 3 Aoine 12 Lún 2022
Am: 3:30pm | 7:00pm
Costas: £5|7
‘Déanaimid damhsa ar son na beatha agus na saoirse’. Sin an teachtaireacht a thugann an chomplacht Palaistíneach Diyar Theatre don lucht éisteachta. Cumascann a saothar béaloideas na Palaistíne agus damhsa comhaimseartha ar dhóigh a léiríonn chan é amháin paisean chun damhsa ach tiomantas d’athnuachan agus athbheochan a oidhreachta náisiúnta. Cuimseofar i gclár Diyar Theatre, i mBéal Feirste dóibh, damhsa tíre (debkeh) á léiriú ag dháréag de dhamhsóirí cumasacha, tiomanta Palaistíneacha, atá go mór i bhfách lena n-oidhreacht chultúrtha agus damhsa tíre a chur i láthair an tsaoil mhóir. Lena chois sin, léireoidh siad ‘Gafa’, píosa a ndearna Royston Maldoom cóiréagrafaíocht air agus atá bunaithe ar thuairiscí páistí Palaistíneacha a gabhadh - nó atá gafa go fóill - gan aon chúiseamh de ghnáth, agus a cuireadh i bpríosún de chuid Iosrael. Is tuairisc theilifíse a chonaic Maldoom a spreag ‘Gafa’. Léiríodh cailín óg Palaistíneach darb ainm Tamimi a raibh sé de chrógacht aici boiseog a bhualadh ar shaighdiúir Iosraelach a bhí ag iarraidh teacht isteach in áit chónaithe a muintire. Baineann an píosa feidhm fosta as tuairiscí pearsanta ar stailceanna ocrais, coinneáil i ngaibhniú aonair agus an tionchar tubaisteach ar theaghlaigh. Is léiriú é an radharc deiridh de dhiongbháilteacht agus neart na ndaoine seo a raibh sé de phribhléid ag Maldoom aithne a chur orthu agus é ar cuairt ar Bhruach Thiar i seilbh Phalaistíneach agus i nGaza. 
Ticéid | Tickets - £5|7
Ticéid singil | Single ticket - £7
Teaghlach de thriúr | Family of three - £15
Teaghlach de cheathrar | Family of four - £20
Teaghlach de chúigear | Family of five - £25