What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Déar 28 Iúil 2022
Am: 19:30
Costas: £15

Muireann Nic Amhlaoibh | Angela Carberry | Caitlín Nic Gabhann | Síle Denvir | Edwina Guckian | Doireann Ní Ghlacáin

Is líne é “Tá Bean in Éirinn,” ón dán, ‘Mná na hÉireann’ cumtha ag an fhile Peadar Ó Doirnín (1700-1769), ó Oir-Dheisceart Uladh, a bhfuil clú agus cáil air mar amhrán ar chuir Seán Ó Riada fonn leis sa bhliain 1969. Anocht déanfaidh muid roinnt de na ceoltóirí agus na hamhránaithe traidisiúnta is fearr i measc mhná na hÉireann a cheiliúradh.

As Iarthar Chiarraí Muireann Nic Amhlaoibh, agus í ar na hamhránaithe is mó tóir sa tír. Tá lear mór albam eisithe aici a bhfuil an dea-theist orthu, le cois gairm rathúil mar chraoltóir ar an teilifís agus raidió araon. Tá an domhan siúlta aici mar bhall de Danú agus tarraingíonn a cuid amhrán as toibreacha ar fud na cruinne.

Tá Gradam Ceoil TG4 buaite ag Angelina Carberry, ní nach ionadh nó is seinnteoir bainseó den scoth í a thuill clú as a rithim dhaingean agus a fuaimniú deismir. Is de theaghlach clúiteach ceoil as an Longfort í agus le scéal fada a dhéanamh gairid tá sí i measc na seinnteoirí bainseó teanóir is cumasaí riamh.

Seinnteoir consairtín, múinteoir, cumadóir agus damhsóir buailteach í Caitlín Nic Gabhann. Bhí sí ar camchuairt le Riverdance ar feadh na mblianta, tá craobh consairtín na hÉireann buaite aici trí huaire agus is minic í ag seinm ar fhéilte agus i hallaí coirme ó Mheiriceá Thuaidh chun na hÁise le 15 bliana anuas.

Cláirseoir agus amhránaí sean-nóis í Síle Denvir a bhfuil an-tionchar ag a dúiche dhúchais i nGaeltacht Chonamara uirthi, mar ar fhás sí aníos agus an ceol ina timpeall. Bhí sí ar na daoine a bhunaigh Líadan agus tá camchuairteanna déanta aici leis na Chieftains.

Theagasc Edwina Guckian damhsa agus roinn sí ardán le cuid de na ceoltóirí is mó clú in Éirinn ar nós Altan, Dé Danann, Dervish, Máirtín O Connor, Frankie Gavin, Kíla, Martin Hayes, Séamus Begley, agus Laoise Kelly, gan ach beagán a lua. Bhunaigh sí Áirc Damhsa Culture Club don aos óg ina ceantar féin sa dóigh go mbeadh spás acu a bheith tumtha i dtraidisiúin agus cultúir, idir Ghaelach agus Dhomhanda, i dtimpeallacht spraíúil, neamhiomaíoch. In Aibreán 2022, bronnadh Gradam Comaoine TG4 uirthi as na héachtaí atá déanta aici i saol an chultúir.

As an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath Doireann Ní Ghlacáin, agus í sáite i dtraidisiún saibhir cheol an cheantair. Ó thaobh an athar, Kevin Glackin, a d'fhoghlaim sí an fhidil. Tá PhD curtha i gcrích aici ar na mallaibh in OnÉG. Baineann cuid mhór dá tráchtas leis an cheol a ndearna Seán Ó Riada, a hathair mór, staidéar air.