What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 9 MFómh 2022
Am: 13:00, 19:30
Costas: £10 - £12

Is léiriú amharclannaíochta é Arán & Im ina mbácálann Manchán Magan arán taos géar ar feadh 70 bomaite agus é ag soláthar léargáis ar an draíocht a bhaineann leis an Ghaeilge, ag fiosrú focail chumhachtacha tírdhreacha, téarmaí an iomais agus na tuisceana agus an iliomad frásaí a chuireann beocht i nglór mistéireach ár ndomhain nádúrtha.

Tá an seó ina cheiliúradh ar theanga, ar thalamh agus ar bhia Gaelach áitiúil, le harán taos géar úrbhácáilte a thig leis an lucht féachana a ghearradh agus a leathadh le him a mhaistrigh siad iad féin as uachtar de chuid na hÉireann. (Níl eolas ar an Ghaeilge riachtanach.)

Chuaigh Amharclann na Mainistreach ar camchuairt náisiúnta le Arán & Im in 2018. I bhfómhar na bliana 2019, bhí sé ar camchuairt go forleathan arís. In earrach na bliana seo, chuaigh an seó ar camchuairt  arís eile agus choncthas é i 16 chathair, 13 stát agus dhá chúige i SAM agus Ceanada. Beidh sé ag dul ar camchuairt eile timpeall chósta thiar Mheiriceá Thuaidh in 2023.

Scríofa agus léirithe ag Manchán Magan. Seit le Tom de Paor. Léirithe den chéad uair ag Amharclann na Mainistreach. Cuidiú léirithe ó Once Off Productions.