What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 26 Lún 2022
Am: 13:00
Costas: Saorchead
Ar feadh dhá scór bliain chuir Cathal Ó Sándair (1922-1996) déagóirí na hÉireann ag léamh leabhair Ghaeilge go fonnmhar – uaireanta faoin bhinse scoile, fiú. Bleachtaireacht, eachtraíocht, buachaillí bó, ficsean eolaíochta – thriail Ó Sándair gach seánra faoin spéir le léitheoirí óga a mhealladh, agus d’éirigh leis. Sa taispeántas dátheangach seo, atá mar chuid de chomóradh 100 bliain ó rugadh Cathal Ó Sándair, insítear scéal an údair mhór-ráchairte Gaeilge nach bhfuil mórán daoine ar an eolas faoi.