What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 26 Feabh 2022
Am: 3:00pm
Costas: Saorchead

Is imeacht filíochta dátheangach (agus in amanna ilteangach!) é REIC. Cuirtear fáilte roimh an Ghaeilge i gcónaí, chomh maith le teangacha eile. Bíonn REIC ar siúl gach mí nó mar sin i mBÁC, agus ag féilte timpeall na tíre – Electric Picnic, Body and Soul, agus IMRAM agus tá muid ar bís faoi é a thabhairt chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.

 

Ciara Ní É

Is file, gníomhaí, agus craoltóir í Ciara Ní É. Ise a bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. In 2019, ceapadh í ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann agus bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe DCU 2020. Comhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í, lena comhbhádóir Eoin McEvoy. Roghnaíodh togra leo don Abbey 5x5 2020, agus chuir siad dráma chun stáitse mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021. Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Icarus, Aneasagus Comhar ina measc, agus sa díolaim filíochta Queering the Green. Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Poetry Ireland sa bhliain 2017, agus an bhliain dár gcionn d’eisigh sí sraith físdánta i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. I measc a cuid coimisiún áirítear RTÉ TV, BBC Radio, TG4, agus The Irish Writers Centre. Tá a céad chnuasach filíochta idir lámha aici faoi láthair