What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Sath 26 Feabh 2022
Am: 1:00pm
Costas: Saorchead

Máire Zepf

Is údar í Máire Zepf a scríobhann leabhair don aos óg. Tá trí leabhar déag scríofa aici go dtí seo, idir phictiúrleabhair do na léitheoirí is óige, úrscéalta staire agus Nóinín — an chéad úrscéal véarsaíochta sa Ghaeilge do dhéagóirí. Chruthaigh sí sraith faoi charachtar bríomhar darb ainm Rita (An tSnáthaid Mhór) i bpáirt leis an mhaisitheoir, Andrew Whitson. In 2015, d’fhoilsigh Futa Fata Ná Gabh ar Scoil! maisithe ag Tarsila Kruse. Tá an leabhar sin aistrithe anois go seacht dteanga ar fud an domhain, agus bhuaigh sé Gradam Leabhar na Bliana de chuid Chumann Litearthachta na hÉireann agus Gradam IBBY. Tá duais ficsin an Oireachtais bainte aici faoi dhó (do Lá Leis na Lochlannaigh in 2015 agus do Nóinín in 2018). Ceapadh Máire ina céad Chomhalta Scríbhneoireachta do Pháistí don Tuaisceart in 2017 agus bhí sí lonnaithe in Ionad Filíochta Seamus Heaney in Ollscoil na Ríona. Bíonn sí gnóthach ag reáchtáil ceardlanna do pháistí bunaithe ar a cuid leabhar — ag féilte litríochta, i scoileanna agus i leabharlanna ar fud na tíre.

Celia de Fréine

Scríobhann Celia de Fréine in iliomad seánraí, i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004). Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí. Ainmníodh Ceannródaí (LeabhairCOMHAR, 2018), beathaisnéis Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh, ar an ghearrliosta don Irish Book Awards (2018) agus do Ghradam Uí Shúilleabháin (2019). Bhuaigh sí ACIS Duais Leabhar Taighde na Bliana (2019). Ainmníodh a scéinséir Cur i gCéill (LeabhairCOMHAR, 2019) ar an ghearrliosta don Irish Book Awards 2020. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR An Dara Rogha, úrscéal don aos óg, in 2021. www.celiadefreine.com

 

Máire Dinny Wren

Le cois abhainn na Cláidí, faoi scáth na hEaragaile i dTír Chonaill atá cónaí ar Mháire Dinny Wren, áit a mbíonn sí ag scríobh filíochta agus gearrscéalta. Phill sí abhaile,ar Ghaoth Dobhair, in 1999 i ndiaidh di tréimhse 21 bhliain a chaitheamh i Londain. D’fhoilsigh Éabhlóid a céad chnuasach gearrscéalta, Go mbeinnse choíche saor, in 2016, agus tá saothair léi foilsithe in irisí ar nós Comhar, Duillí Éireann, Feasta, an tUltach, Poblachd nam Bàrd agus Poetry Ireland Review. Tá ceithre scéal dá cuid sa chnuasach gearrscéalta Go dtí an lá bán a d’fhoilsigh Éabhlóid in 2012. Bronnadh duais Fhoras na Gaeilge ar Mháire in 2010 ag Féile Scríbhneoirí Lios Tuathail don ghearrscéal ‘Ag Téarnamh chun Baile’. In 2013, rinne Drama on One léiriúchán den scéal Thar an Tairseach agus craoladh é ar RTÉ Raidió 1 ar Lá Fhéile Pádraig na bliana sin. Bhí an léiriúchán sin ar an ghearrliosta don Dráma Raidió is Fearr ag an Prix Europa i mBeirlín in 2013.