Dáta: Sath 26 Feabh 2022 |
Am: 11:00am |
Costas: Saorchead |
Ag scríobh filíochta le chéile
Meafar agus samhail
Cluiche filíochta
Cineálacha éagsúla filíochta
9 leid le filíocht níos fearr a scríobh.
Seán Ó Muireagáin
Is as Uachtar Chluanaí é Seán Ó Muireagáin. Is duine é a bhíonn ag scríobh filíochta, amhrán, gearrscéalta agus is é údar Gáire in Éag (Éabhlóid, 2018) é, cnuasach gearrsceálta atá suite in Iarthar Bhéal Feirste le linn na dtrioblóidí. Is duine é a bhí riamh gníomhach ar son phobal na Gaeilge ar fud na tíre seo, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bhí baint aige le bunú gaelscoileanna sna Sé Chontae ar feadh beagnach 40 bliain. I láthair na huaire, tá clár ráidió ag Seán ar BBC Ráidió Uladh dar teideal ‘Cóisir Filíochta’ ina dtugtar ardán d’fhilíocht Ghaeilge an 21ú céad le béim faoi leith ar ghuthanna nua, agus go leor filíochta léite os ard ann.